

Fuarthas an t-aisteoir Francach Gerard Depardieu ciontach as ionsaí gnéis a dhéanamh ar bheirt bhan.
Ciontaíodh Depardieu, atá 76, agus a bhí le feiceáil i níos mó ná 200 scannán, ag cúirt i bPáras as crúbáil (groping) na mban le linn scannánú Les Volets Verts i 2021.
Bhí an bheirt íospartaigh ag obair ar an scannán i róil taobh thiar de na radhairc.

Dúirt an bheirt bhan go raibh eagla orthu labhairt amach ag an am agus imeaglú orthu roimh Depardieu.
‘Bhí mé sceimhlithe (petrified),’ a dúirt duine de na mná, dearthóir seit darb ainm Amelie.
Dúirt sí leis an gcúirt go raibh sí gafa aige idir a chosa agus í ag iarraidh dul thar é i gconair.
Chuir sé a lámha thar a corp.
‘Chuir sé eagla orm, d’fhéach sé cosúil le gealt (madman),’ a dúirt sí.
Shéan Depardieu na líomhaintí, agus fuair sé tacaíocht ó go leor aisteoirí, stiúrthóirí agus fiú ag pointe amháin, uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, a chuir síos ar an aisteoir roimhe seo mar ‘bród na Fraince’.
Chuala an chúirt gur úsáid Depardieu teanga gharbh (vulgar) chun mí-úsáid a bhaint as na mná, agus ansin rug sé orthu.
Mhaígh sé nach raibh a fhios aige fiú cad a bhí i gceist le hionsaí gnéis.
Dúirt Carine Diebolt, an dlíodóir a dhéanann ionadaíocht ar an íospartach Amelie, leis an gcúirt go raibh Depardieu dírithe go sonrach ar mhná nach raibh próifíl ard acu, ag rá nach gcaithfeadh sé riamh le haisteoir cáiliúil ar an mbealach a d’iompair sé i leith a bheirt íospartaigh
‘Tá sé láidir leis an lag, agus lag leis an láidir,’ a dúirt sí.
Le linn croscheistiúcháin, dúirt Depardieu gur shéan sé ar dtús teagmháil a dhéanamh le Amelie riamh, ansin dúirt sé gur rug sé greim ar a cromáin chun é féin a stopadh ó thitim os a chionn, agus ansin mhaígh sé gur rug sé uirthi chun a haird a fháil.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.