Aiféala Leo Varadkar: ‘Níor chaith mé cúpla nóiméad ag tabhairt moladh do na daoine a bhí ag obair liom’

13/05/2025

Beidh Leo Varadkar ar RTÉ Dé Céadaoin ‘amach as a chompord go hiomlán’ ar shléibhte fiáine Drakensberg san Afraic Theas, le Lyra agus Ray Goggins

‘Tá aiféala amháin orm,’ a deir Leo Varadkar, ar Uncharted with Ray Goggins, ar RTÉ an tseachtain seo. Sé sin go raibh foirne móra faoina chúram ach níor chaith sé 10 nóiméad ag tabhairt moladh dóibh.

‘Tá brón orm nach ndearna mé é,’ a deir sé.

Beidh sé sa chéad chlár de Uncharted le Ray Goggins ar RTÉ an tseachtain seo, áit a mbeidh sé in éindí leis an amhránaí cáiliúil Lyra.

Dúirt Lyra gur bhain Leo an-taitneamh as an dúshlán cé go raibh sé, ‘amach as a chompord go hiomlán’.

Mar chuid den eachtra, codlaíonn Ray, Leo agus Lyra i bpluaiseanna, dreapann siad sléibhte géara agus téann siad go barr Eas Tugela (Tugela Falls) – ceann de na heasanna is airde ar domhan.

Tá Leo ag breathnú ar an eachtra mar chuid dá ‘bhliain shaor’ ó shaol na polaitíochta, tar éis dó éirí as mar cheannaire Fhine Gael.

Ní hé seo an chéad uair a chuir Leo Varadkar dúshlán dian air féin.
Ní hé seo an chéad uair a chuir Leo Varadkar dúshlán dian air féin.

Deir Leo sa chlár: ‘Tá mé rud beag neirbhíseach – ní dhearna mé rud mar seo riamh.

‘De ghnáth, bíonn gach rud mínithe dom – anois, níl a fhios agam cad atá amach romham.

‘Tá daoine cleachta mé a fheiceáil mar pholaiteoir – duine dáiríre, gan laigí. Ach anseo, is féidir liom a bheith cosúil liom féin.’

Ag deireadh na heachtra, admhaíonn Leo gur fhoghlaim sé ceacht tábhachtach ó Ray Goggins – an tábhacht a bhaineann le moladh agus spreagadh a thabhairt do dhaoine.

‘Tá aiféala amháin orm,’ a deir sé. ‘Bhí foirne móra faoi mo chúram – airí, TDanna… Is trua nár chaith mé 10 nóiméad sa bhreis gach lá ag tabhairt moladh dóibh, mar a rinne tusa linn.

‘Bíonn tionchar ollmhór ag focail dheasa. Fiú cúpla teachtaireacht nó guthán gearr gach lá – is mór an rud é sin, agus tá brón orm nach ndearna mé é.’

Tosaíonn Uncharted le Ray Goggins Dé Céadaoin, 14 Bealtaine. ar RTÉ a hAon agus ar Seinnteoir RTÉ ag 9.35pm.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram