Gearrscannán Gaeilge ó Mary Tynan, scannánóir le dearcadh difriúil: Éist leis an agallamh anseo

12/05/2025

Beidh scannán Mary Tynan, Na Doirse, á thaispeáint go poiblí den chéad uair an tseachtain seo. Anseo, labhraíonn sí faoin scannán agus faoina cúlra féin leis an nGaeilge. Éist leis

Beidh an chéad taispeáint phoiblí den ghearrscannán, Na Doirse, le Mary Tynan, ar siúl i nGaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach, i nGaillimh, ag 7.30pm, Dé Máirt, 13 Bealtaine.

Agus labhraíonn Mary anseo le ExtraG.ie agus le Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4FM, faoina scannán, a saol ag fás aníos i nGaillimh agus i Londain agus, a grá don Ghaeilge.

Is ficseanú é an gearrscannán seo faoi shaol mic léinn aibí le míchumas agus na streachailtí ina saol laethúil.

Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí tar éis na taispeána le stiúrthóir an scannáin Mary Tynan, agus leis an scannánóir rathúil Seán Breathnach. Críochnóidh an tráthnóna le sólaistí ina dhiaidh an tseisiúin.

Is imeacht saor in aisce é seo atá oscailte don phobal agus tá muid ag tnúth go mór sibh ar fad a fheiceáil ann.

Abair linn faoin scannán?

‘Is píosa faoi mo shaol é, píosa ficsean ar mo shaol mar mhac léinn aibí le míchumas agus tá sé cosúil le seó bean amháin ach ar an scáileán seachas ar an stáitse.

‘Is scéal faoi bhean atá tar éis iarracht a dhéanamh lámh a chur ina bhás féin, agus ag tús an scannán tá sí ag labhairt le síceolaí san ospidéal ag míniú cén fáth a rinne sí é.

‘Tosaíonn an scéal nuair a d’fhág sí an scoil agus téann sé ansin go dtí cad a tharla níos déanaí agus na fadhbanna rochtana a bhí aici.’

Agus cad as tú féin?

‘Bhuel, rugadh i Londain mé ach bhog muid go cathair na Gaillimhe nuair a bhí mé 7 mbliana d’aois. So, tugadh mé anseo sa chathair, ach ansin bhog mé ar ais go Londain nuair a bhí mé níos sine agus chaith mé go leor am ansin.

‘Bhí mé ag obair mar aisteoir ach bhog mé ar ais beagnach deich mbliana ó shin go hÉirinn, agus bhí mé i mo chónaí amuigh faoin tuath, ach anois tá mé ar ais sa chathair. Tá teach nua agam.

‘Tá mé anseo le bliain anuas.’

blas na cathrachd

MAS MIAN LEAT AN AGALLAMH IOMLÁN A
CHLOISTEÁL AR SOUNDCLOUD, CLICEÁIL ANSEO

Agus an raibh tú ar scoil in Éirinn don chuid is mó?

‘Yeah. So, Scoil Róis an t-ainm a bhí ar an bhunscoil agus ansin an Dominican College an t-ainm a bhí ar an meánscoil.’

Agus sin an áit ar fhoghlaim tú do Ghaeilge?

‘Actually, bhí sé greannmhar mar tá clár raidió agamsa agus bím ag labhairt faoin Ghaeilge le gach aoi atá agam, agus bhí mé ag labhairt le bean amháin agus bhí sí ag rá nach raibh a tuismitheoirí in ann í a thuiscint nuair a thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge. Agus bhí mise ag rá, bhuel, bhí a mhalairt i gceist liomsa.

‘Nuair a bhíomar i Sasana, bhí Gaeilge ag mo thuismitheoirí, ach níor úsáid siad é seachas nuair a bhí siad ag iarraidh rud éigin a choinneáil faoi rún óna pháistí agus athraigh sé sin nuair a bhí an Ghaeilge againn nuair a thugamar go hÉirinn, ní raibh siad in ann é sin a dhéanamh níos mó.

‘Thosaigh mé ag foghlaim nuair a bhí mé seacht mbliana d’aois agus ní raibh mórán deacair agam leis.

‘Bhí mé ar an leibhéal lena páistí eile go han-tapa agus is breá liom é.

‘Ba bhreá liom é ón chéad lá. Is maith an rud é nuair atá teanga eile a bhaineann le do chlann agus do mhuintir agus do thiar agus mar sin de.

‘Ach ag labhairt na Gaeilge actually, tháinig mé ar ais go dtí an Ghaeilge i Londain. Bhí mé mar bhall de ghrúpa agus chuamar amach ag ól agus ag labhairt an Ghaeilge dhá uair gach mí.

‘Agus nuair a bhog mé ar ais anseo ní raibh mé sa chathair agus ní raibh na deiseanna ann chun é a labhairt i gcomparáid le Londain. So, sin rud ait.’

Agus an bhfuil aon phleananna nua agat, bhí tú ag obair le Seán Breathnach stiúrthóir cáiliúil.

‘Yeah, cabhraigh Seán go mór liom an scannán seo a dhéanamh. Yeah, bhí sé go hiontach.

‘Is duine iontach é Seán Breathnach, tá sé chomh cineálta, cabhrach agus réchúiseach; is duine é a bhfuil fíor-éasca obair leis.

‘Dúirt Dónall Ó Héalaí liom in agallamh gurb é Seán an stiúrthóir is fearr a n-oibrigh sé leis ina shaol mar aisteoir agus tá sé sin éasca a chreidiúint bunaithe ar mo thaithíse.

‘Tá script agam agus tá saghas forbairt déanta agam ar an script sin, ach ní féidir liom é sin a dhéanamh gan buiséad mór. Tá sé níos casta. Tá níos mó ná cúpla láthair i gceist agus níos mó aisteoirí i gceist freisin, agus mar sin de.

‘Ba mhaith liom é sin a dhéanamh uair éigin, ach ba mhaith liom obair mar aisteoir freisin faoi mheán Ghaeilge.

‘Is é Na Doirse an chéad rud atá déanta agam mar aisteoir agus mar stiúrthóir as Gaeilge agus ba mhaith liom i bhfad níos mó a dhéanamh sa teanga.’ 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram