

Tá sé ráite ag Donald Trump le comhlachtaí cógaisíochta Mheiriceá – ar fiú €44 billiún in aghaidh na bliana iad i dtrádáil go hÉirinn – go gcaithfidh daoine in Éirinn agus sa chuid eile den Eoraip níos mó a íoc as a gcuid cógais.
Tá drugaí agus cógais Mheiriceá an-chostasach agus tá Trump ag cur an milleán ar na hEorpaigh, na hÉireannaigh san áireamh.
Rinne sé gearán go bhfuil roinnt daoine i Meiriceá ag íoc ‘$500’ as druga asma a dúirt sé atá ar fáil ar ‘$40’ sa Bhreatain.
Cuirfidh an t-éileamh níos mó brú ar chomhlachtaí cógaisíochta in Éirinn, agus tá Trump ag bagairt taraifí throma a thabhairt isteach chun iallach a chur orthu a gcuid drugaí a dhéanamh i Meiriceá seachas in Éirinn.

Shínigh an tUachtarán Trump ordú feidhmiúcháin ag treorú do dhéantóirí drugaí praghsanna a gcuid cógais a ísliú.
Dúirt sé gur chóir go mbeadh na praghsanna mar an gcéanna agus atá siad i dtíortha eile.
Beidh 30 lá ag cuideachtaí chun costas drugaí a laghdú i Meiriceá nó aghaidh a thabhairt ar theorainneacha nua ar an méid a íocfaidh an rialtas leo.
Mura dtiocfar ar mhargadh, tabharfar riail isteach a thabharfaidh na praghsanna síos go dtí na praghsanna níos ísle atá ar fáil i dtíortha eile.
‘Táimid chun cothromú a dhéanamh,’ a dúirt an tUasal Trump. ‘Táimid go léir chun íoc mar an gcéanna. Íocfaimid an méid a íocann an Eoraip.’
Dúirt an t-uachtarán go gciallódh a ordú feidhmiúcháin go gcaithfidh na hEorpaigh ‘níos mó a íoc as cúram sláinte, agus go gcaithfimid níos lú a íoc’
Dúirt sé go gcosnaíonn druga asma ‘coitianta’ níos lú ná $40 (€36) sa Bhreatain, ach $500 (€450) i Meiriceá.
Dúirt Trump freisin go ndúirt cara ‘an-saibhir’ dá chuid – atá ‘róthrom’ freisin – leis go gcosnaíonn ‘druga’ $88 (€79) i Londain ach gur íoc sé $1,300 (€1,172) i Nua-Eabhrac as táirge ‘comhionann’.
Dúirt sé: ‘Mar sin den chéad uair le blianta fada, laghdóidh muid costas drugaí ar oideas agus tabharfaimid cothrom na féinne do Mheiriceá agus tiocfaidh praghsanna drugaí síos.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.