

Tá tacaíocht mhór fós in Éirinn don Aontas Eorpach, de réir pobalbhreithe nua ó Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn.
Léirigh an taighde, a rinne Amárach Research, go dtacaíonn 82% de dhaoine in Éirinn le ballraíocht na tíre san AE.

Mar sin féin, dúirt 43% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé nach mothaíonn siad go bhfuil a gcuid tuairimí á léiriú ag leibhéal an AE.
Tá 34% den bharúil nach bhfuil an tAontas Eorpach ag seasamh lena phríomhluachanna, agus tá 26% míshásta leis an treo ina bhfuil sé ag dul.
Dúirt 36% go bhfuil díomá orthu le tionchar agus ról na hÉireann i mBruiséil.
Dar le Noelle O’Connell, príomhfheidhmeannach Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn: ‘Tá sé dearfach go bhfuil tacaíocht láidir ann fós, ach tá titim bheag tagtha air le blianta beaga.
‘Ní féidir linn a bheith róchinnte — caithfimid a chinntiú go mothaíonn saoránaigh go bhfuil a nguth le cloisteáil san AE.’
Luaigh daoine costas maireachtála (56%), lóistín (41%) agus imirce (53%) mar na hábhair is práinní.
Luaigh daoine freisin imní faoi chaidreamh AE-SAM (44%), cogadh san Úcráin (43%) agus coimhlint Gaza (41%).
Thacaigh formhór leis an smaoineamh ar Éire aontaithe san AE – 67% sa Tuaisceart agus 62% sa Phoblacht.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.