Mumhan shine! Bua speisialta le linn láithrithe deireanacha réaltaí móra – Peter O’Mahony, Conor Murray, Stephen Archer, agus Alan ‘Killer’ Kilcoyne

Ní raibh deifir ar bith orthu ach faoi dheireadh, sa chluiche drámatúil i gcoinne Uladh, bhí lucht leanúna na háite i bPáirc Thuamhan ‘over the Mumhan’, a deir Aoife Ní Bhraoin

Bhraith muid an teannas ón tús agus muid ag bailiú le chéile do chluiche mór Mhumhan in aghaidh Uladh i bPáirc Thuamhan, daingean an rugbaí de na Muimhnigh. 

Agus cinnte bhí an teannas le feiceáil ar fud na páirce freisin. D’imir na Muimhnigh go dona sa chéad leath go ginearálta.

Scóráil trícheathrúnach Stuart McCloskey an chéad úd  do Chúige Uladh agus fuair Leathchúlaí amuigh Jack Murphy an cic slánaithe.

Peter O'Mahony
Peter O’Mahony

Bhí na hUltaigh seacht bpointe chun tosaigh laistigh den chéad seacht nóiméad. Taispeántas náireach amach is amach ó Chúige Mumhan a bhí ann. Bhí ionsaí agus cosaint lag acu.

Rinne siad cinnte go bhféadfadh Cúige Uladh smacht a fháil ar an gcluiche agus chaill Jack Crowley cúpla cic éasca.

Bhí cúpla droch-chaitheamh isteach ag Niall Scannell freisin. Ach d’éirigh leis  Mike Milne, Tom Farrell agus Tadhg Beirne a aimsiú.

Chríochnaigh siad an leath le scór amháin eatarthu. Bhí an scór 24-20 do na Muimhnigh ag deireadh an chéad leath.

Bhí an t-ádh ar fhir na Mumhan áfach, mar d’imir na hUltaigh i bhfad níos fearr go ginearálta.

 Ach, d’athraigh scéal an cluiche go hiomlán sa dara leath. Go tobann,  bhí ocras ar na Muimhnigh.  Agus ní raibh freagair ag na hUltaigh – d’imir siad go huafásach.

Bhí Jack Crowley os cionn a bhuille arís. Thosaigh Gavin Coombes frithionsaí den scoth. Ansin, fuair McCloskey cárta buí tar éis meon neamhsportúil a thaispeáint.

 Fuair laoch na hoíche Peter O’Mahony úd den chéad scoth ag an marc seasca nóiméad mar thoradh ar sheachaid cliste agus sciliúil ó Jack Crowley.

Deireadh oiriúnach lena chluiche deireanach i bPáirc Thuamhan. 

Sheas an slua agus thug siad bualadh bos dó nuair a cuireadh ina áit é –  ceann a bhí sách tuillte aige tar éis cúig bliana déag ag imirt ar son muintir na Mumhan.

Bhí an slua i bPáirc Thuamhan craiceáilte nuair a rith Conor Murray amach ar an talamh cáiliúil don uair dheireanach ina shlí bheatha iontach.

 Oíche measctha a bhí ann do Chúige Mumhan. Is léir go bhfuil obair le déanamh, go háirithe maidir le cosaint.

Mar sin féin, sa deireadh, tháinig siad le chéile sa chluiche deireanach i bPáirc Thuamhan do O’Mahoney, Murray, Archer, agus Kilcoyne.

Deireadh oiriúnach le ceithre ghairm bheatha iontacha. Anois is í an cheist, cén chaoi a n-áiteoidh Cúige Mumhan ina n-áit?

An scór ag an deireadh: Cúige Mumhan 38 – Cúige Uladh 20

Beidh Cúige Mumhan in aghaidh Benetton i Virgin Media Park ar an séú lá dhéag de Mhí na Bealtaine.

Tá Dún Éideann ag na hUltaigh an oíche chéanna, a bhuaigh Cúige Chonnacht go cinnte Dé Sathairn. Beidh an cluiche sin ar siúl sa DAM Health Stadium.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

Faigh Nuachtlitir ExtraG.ie gach lá.

Cliceáil anseo

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram