

D’fhéadfadh grúpaí comhrá WhatsApp ‘na teorainneacha a dhéanamh níos doiléire’ idir saol gairmiúil agus saol pearsanta fostaithe, de réir tuairim ó bhinse fostaíochta sa Bhreatain.
Thug an binse rabhadh faoi na contúirtí a bhaineann le meascadh idir teachtaireachtaí oibre agus caint shóisialta, jócanna agus teanga mhíoiriúnach, ar WhatsApp agus suímh mheáin shóisialta eile.

Tháinig an cheist faoi ghrúpaí WhatApp i gcás a bhain le Laura Pagnello, leasbhainisteoir i réamhscoil Barrow Hill i Londain.
Rinne sí gearán tar éis a bronnadh an leasainm ‘witcheypoo’ uirthi i ngrúpa comhrá darb ainm an ‘A-Team’ ar WhatsApp.
Cé gur caitheadh siar a cás, lochtaigh an binse an réamhscoil.
Dúirt an Breitheamh Garry Smart go raibh díomá air gur tháinig coimhlint teaghlaigh, glaonna chuig na póilíní agus achrann idir iontaobhaí de bharr fadhb shimplí faoi líon foirne neamhleor i seomra na bpáistí.
Bhí caidreamh pearsanta ag Pagnello leis an mbainisteoir Mandy Rogan agus leis na comhghleacaithe Kelly Shailer agus Karen McKenna.
Thosaigh na teannais tar éis eachtra i mí Meitheamh 2023 nuair a d’fhág Rogan an obair le haghaidh éigeandáil leighis.
Dúirt Pagnello le tuismitheoirí go raibh siad ag briseadh na rialacha maidir le líon na foirne.
Ina dhiaidh sin, tháinig fadhbanna sna caidrimh sa ghrúpa WhatsApp.
Mar thoradh ar seo, rinne Pagnello tuairisc chuig Ofsted, sular d’imigh sí ón bpost i mí an Mhárta.
Níor thug an binse an ceart di, áfach, ag rá nach raibh sí dífhostaithe ná curtha faoi mhíbhuntáiste.
Mar sin féin bhí moladh acu faoi theachtaireachtaí WhatsApp agus suímh mheáin shóisialta eile.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.