Athruithe móra don tSraith Shóisearach fógartha ag an Aire Oideachais

28/04/2025

Beidh na ceithre ghrád is airde – Gradam, Ardtuillteanas, Tuillteanas agus Gnóthaithe– scaipthe go cothrom i mbandaí 15 faoin gcéad anois.

D’fhógair an tAire Oideachais, Helen McEntee, athruithe móra don tSraith Shóisearach an tseachtain seo.

Ag labhairt di Dé Máirt, dúirt sí go mbeidh grád-bhannaí nua ann do dhaltaí atá ag cur tús leis na scrúduithe go luath.

Beidh an méid céanna grád-bhannaí ann is mar a bhí roimhe seo, ach beidh na ceithre ghrád is airde – Gradam, Ardtuillteanas, Tuillteanas agus Gnóthaithe– scaipthe go cothrom i mbandaí 15 faoin gcéad anois.

athruithe

Ag labhairt faoin athrú, dúirt an tAire McEntee, ‘Tá lúcháir orm a fhógairt go n-athrófar na grád-bhannaí don tSraith Shóisearach, agus beidh na hathruithe seo i bhfeidhm do na breis is 73,000 dalta a bheidh ag déanamh a gcuid scrúduithe sna seachtainí amach romhainn.’

‘Tá na ceithre bhanda is airde cothrom anois, agus cabhróidh sé seo le daltaí. Cinnteoidh sé go léiríonn na grádanna a gcuid oibre chomh maith le hobair na múinteoirí.’

Dúirt sí freisin, ‘Beidh níos mó daltaí in ann grád Gradam nó Ardtuillteanas a fháil leis an athrú seo. Cé go bhfuil na hathruithe seo á bhfógairt agam do dhaltaí 2025 agus do na blianta amach romhainn, tá na bandaí fós leathan go leor chun daltaí a choinneáil ag foghlaim go muiníneach agus dírithe ar a gcuid oideachais, seachas bheith buartha faoi scrúduithe amháin.’

image 73

Tiocfaidh na hathruithe seo i bhfeidhm do na daltaí a bheidh ag déanamh scrúduithe an Chúrsa Shóisearach mí an Mheithimh seo chugainn.

Bronnfar Gradam do ghrádanna os cionn 85%, ach roimhe seo bhí 90% de dhíth. Fresin, bronnfar Ardtuillteanas do ghrádanna idir 70% agus 85%. Roimhe seo, bronnadh seo ar ghrádanna idir 75% agus 90%.

Tá na hathruithe á bhfógairt ag an Aire agus í ag ullmhú do chainteanna le ceardchumainn na múinteoirí an tseachtain seo.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram