

Tá AI tar éis rud iontach a dhéanamh leios an Shroud of Turin.
Le himeacht na mblianta, bhí a lán íomhánna d’Íosa Críost cruthaithe, cuid acu níos cruinne ná a chéile.
Ach anois, díreach roimh an Cháisc, tá uirlis nua AI tar éis aghaidh ‘fhíor’ Íosa a léiriú bunaithe ar an Shroud of Turin.
D’úsáid an suíomh Midjourney an cló éadach cáiliúil Shroud of Turin chun íomhá níos beaichte a chruthú.
Sa ghearrfhíseán, taispeántar Íosa le gruaig fhada, féasóg mhór, leicne folmha agus roinnt rian créachta ar an aghaidh a thagann ón Shroud of Turin.
Cé go gceapann cuid de dhaoine go bhfuil an íomhá on Shroud of Turin seo cruinn, tá daoine eile nach bhfuil chomh cinnte.
Dúirt úsáideoir amháin, ‘Cosúil go leor leis an bhfear as The Chosen!’
Dúirt duine eile go magúil: ‘Múineann sé yoga te i Sunset.’
Mar sin féin, dúirt Dr. Meredith Warren ó Ollscoil Sheffield nach mbeadh Íosa cosúil leis sin, ‘Bheadh craiceann agus súile donna aige, cosúil leis an bpobal áitiúil.

Ní raibh sé saibhir, bhí sé amuigh faoin aer go minic, agus bhí lámha crua aige.’
Mar sin, cad a cheapaimid? An bhfuil AI gar don fhírinne leis an Shroud of Turin… nó ar iarraidh glan.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.