Teaghlach McIlroy sa bhaile: Cé hí Erica Stoll agus cá bhfuil siad ina gcónaí? Le pictiúir

16/04/2025

Le pictiúir: Rory McIlroy sa bhaile lena bhean Erica, a iníon Poppy ina teach mór €20m i bhFlorida

Tar éis dó na Máistrí a bhuachan oíche Dé Domhnaigh,  tá Rory McIlroy ar dhuine den seisear imreoir i stair an ghailf a bhuaigh an ‘grand slam’.

Agus tháinig sé sin tar éis tréimhse dheacair do Rory a tháinig chun críche ar deireadh nuair a chuir sé féin agus a bhean chéile Erica Stoll deireadh leis na difríochtaí eatarthu.

Tá iníon ag Rory agus Stoll, Poppy Kennedy McIlroy, a rugadh i Florida ar 31 Lúnasa 2020
Tá iníon ag Rory agus Stoll, Poppy Kennedy McIlroy, a rugadh i Florida ar 31 Lúnasa 2020

Chuir Rory deireadh lena phleananna colscartha ó Erica  go tobann na bliana seo caite.

Tá iníon ag Rory agus Stoll, Poppy Kennedy McIlroy, a rugadh i Florida ar 31 Lúnasa 2020, agus tá sí an-tábhachtach ina shaol, agus i saol Erica.

Bhuail an réalta ghailf le bean Mheiriceánach Stoll ar dtús ag Corn Ryder 2012, áit a raibh sí ag obair mar oifigeach iompair PGA.

Mí an Mheithimh na bliana seo caite bhí Rory agus Erica feicthe amach le chéile le Poppy agus 
chaith siad a gcuid fáinní bainise
Mí an Mheithimh na bliana seo caite bhí Rory agus Erica feicthe amach le chéile le Poppy agus
chaith siad a gcuid fáinní bainise

Tar éis dóibh lámh is focal a thabhairt dá chéile (got engaged) i bPáras i 2015, phós an bheirt ag searmanas iontach i gCaisleán Cheapach Corcóige (Ashford Castle) i gContae Mhaigh Eo i 2017.

Ag an ócáid bhí Niall Horan ó One Direction, Chris Martin ó Coldplay, Ed Sheeran, agus an t-aisteoir Jamie Dornan, a d’fhás aníos ar an mbaile céanna i gContae an Dúin le McIlroy.

Chuir Sheeran agus Stevie Wonder siamsaíocht ar fáil do Rory agus a chairde. Dúradh gur chosain an ceiliúradh €475,000.

Mar sin féin, chuir ionadaithe McIlroy doiciméid ag lorg colscartha isteach i Florida Bealtaine seo caite.

Dúirt siad go bhfuil Rory, atá 36 bliain d’aois, ag iarraidh a chinntiú go bhfuil ‘an tréimhse dheacair seo chomh cairdiúil agus is féidir’ é a bheith.

Tugann teach dochreidte McIlroy i Florida léargas ar shaol sócúil an mhilliúnaí gailf
Tugann teach dochreidte McIlroy i Florida léargas ar shaol sócúil an mhilliúnaí gailf

Dúirt siad freisin nach mbeidh aon trácht eile á dhéanamh aige.

Ach níos lú ná mí ina dhiaidh sin, rinne Rory athrú meoin – tá tuairiscí ann gur thionóil an bheirt cruinnithe rúnda chun iarracht a dhéanamh a bpósadh a shábháil. 

Bhuail Rory agus Stoll go rúnda sa bhaile gach deireadh seachtaine ar feadh ceithre seachtaine le haghaidh cainteanna. 

Dúirt foinse go raibh na cruinnithe dírithe ar dtús ar an gcaoi is fearr aire a thabhairt dá n-iníon, ach sa deireadh tháinig siad le chéile arís. 

 Phós an bheirt ag searmanas iontach i gCaisleán Cheapach Corcóige (Ashford Castle) i gContae Mhaigh Eo i 2017
Phós an bheirt ag searmanas iontach i gCaisleán Cheapach Corcóige (Ashford Castle) i gContae Mhaigh Eo i 2017

Agus i mí an Mheithimh na bliana seo caite, bhí Rory agus Erica feicthe amach le chéile arís, le Poppy. 

Chomh maith le sin, chaith Rory agus Erica a gcuid fáinní bainise ar a lá amuigh. 

Chonacthas iad níos lú ná 24 uair an chloig tar éis a chailleadh an US Open anuraidh. 

Ceaptar go raibh siad ag ceiliúradh Lá na nAthraitheacha déanach (late Fathers’ Day), ag Loggerhead Marinelife Centre, in aice lena dteach ollmhór €20.1 milliún.

Tugann an teach dochreidte i Florida léargas ar shaol sócúil an mhilliúnaí gailf.

Cheannaigh McIlroy an teach iontach in Jupiter, Florida i 2013, tar éis dó bogadh go Meiriceá chun díriú ar ghailf a imirt sna Stáit Aontaithe.

Chuir Rory deireadh lena phleananna colscartha ó Erica  go tobann na bliana seo caite
Chuir Rory deireadh lena phleananna colscartha ó Erica  go tobann na bliana seo caite

Roimhe seo bhí McIlroy, arb as Holywood i gContae an Dúin dó, geallta (engaged) leis an iar-réalta dhomhanda leadóige (tennis) Caroline Wozniaki, sular tháinig deireadh lena rannpháirtíocht i 2014.

Ba í an bhliain dár gcionn a thosaigh sé féin agus Stoll ag dul amach le chéile.

Is as Irondequoit, Nua Eabhrac, Erica Stoll, atá 36 bliain d’aois. Bhí sí ina imreoir leadóige sa scoil ach aistrigh go galf níos déanaí.

Tá céim aici i margaíocht ó Rochester Institute of Technology.

Tar éis an choláiste, fuair Stoll post le PGA Mheiriceá. Is breá léi dul ag seoltóireacht (sailing) agus is breá léi bácáil (baking).

Tá ceithre mhórchomórtas gailf idirnáisiúnta ann agus tá Rory anois le Tiger Woods, Gary Player, Ben Hogan, Gene Sarazen agus Jack Nicklaus mar dhuine den seisear imreoir a bhuaigh an ceathrar acu.

Mar sin tar éis roinnt blianta de strus agus teip, is fear sásta arís é McIlroy – sa bhaile agus ar an gcúrsa gailf.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram