

Deir an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill anois go n-íocfaidh an Rialtas costas iomlán na Teiripe Athsholáthair Hormóin (HRT) do mhná tar éis d’airí a bheith faoi bhrú faoi ghealltanais toghcháin.
Cáineadh an tAire Mac Néill tar éis tuarascála san Irish Daily Mail a dúirt nach n-íocfaí costas iomlán HRT ar mhná.
Tugadh isteach an beart chun HRT ‘saor in aisce’ a sholáthar sa bhuiséad i mí Dheireadh Fómhair seo caite, agus tháinig sé isteach an 1 Eanáir i mbliana.

Cé gur tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm ag tús na bliana, tá cur i bhfeidhm na scéime HRT curtha ar athló de bharr easaontais idir an Rialtas agus cógaiseoirí.
Úsáidtear HRT chun comharthaí sos míostraithe agus an tréimhse roimhe a mhaolú. Go dtí seo, bhí sé saor in aisce do mhná le cárta leighis amháin.
Cé gur gheall iar-Aire Sláinte Stephen Donnelly agus páirtithe an Rialtais scéim €20 milliún sa toghchán deireanach, tá sé tugtha le fios nach gclúdaíonn an scéim ach costas na cógais, agus ní na táillí a ghearrann cógaiseoirí.
Dúirt foinsí Rialtais nach mbeidh aon íocaíochtaí cúil ar fáil leis an scéim.
D’fhógair an tAire go dtabharfar an scéim isteach ar an 1 Meitheamh, agus go n-íocfaidh an Rialtas anois costas táillí dáileacháin na gcógaslann.
Tá sé ráite ag Aontas Cógaisíochta na hÉireann áfach nach bhfuil siad sásta leis an scéim nua.
Dúirt an tAire ar an raidió Dé Máirt go n-íocfar cógaslanna ach go dtógfaidh sé ‘cúpla seachtain’ dóibh clárú agus córais a nuashonrú.
Dúirt an Rialtas go n-íocfar táille €5 le cógaiseoirí anois as gach táirge HRT a thugann siad amach – tairiscint ar dhiúltaigh Aontas Cógaisíochta na hÉireann roimhe seo.
Tairgeadh deontas €1,000 dóibh freisin.
‘Is dul chun cinn é seo ar bheart Bhuiséad 2025 a chlúdaigh costas an chógais amháin, agus bhí ar na mná íoc as an táille dáileacháin,’ a dúirt an tAire.
‘Faoin bheart nua seo ní bheidh ar mhná aon rud a íoc má chláraíonn a gcógaslann.’
Is féidir costas míosúil suas le €80 a bheith ar HRT, rud a chiallaíonn go bhfuil suas le €300 caite ag mná áirithe cheana féin i mbliana agus costas Bealtaine fós le teacht.
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.