

Tá sé dearbhaithe ag an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, nach bhfaighidh mná aisíocaíocht ar chostas na cóireála HRT (Hormone Replacement Therapy), cé gur gealladh go mbeadh sí saor in aisce ó 1 Eanáir 2025.
Cé gur tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm ag tús na bliana, tá cur i bhfeidhm na scéime HRT curtha ar athló de bharr easaontais idir an Rialtas agus cógaiseoirí.

Níor tugadh dáta fós maidir le cathain a thosóidh an scéim HRT i gceart.
Dúirt an tAire go mbeidh cógaiseoirí íoctha ‘ón dáta a gcuirtear an beartas i bhfeidhm go hoifigiúil’ agus ní bheidh aon íocaíocht shiarghabhálach ar fáil.
Tá imní ar fheachtasóirí anois go mbeidh ar mná na céadta euro a íoc le haghaidh HRT, cóireáil a gealladh a bheadh saor in aisce.
D’fhéadfadh mná suas le €240 a chaitheamh sna chéad ceithre mhí den bhliain, agus méadóidh an costas sin má leanann an mhoill.
Úsáidtear HRT chun comharthaí sos míostraithe agus an tréimhse roimhe a mhaolú. Go dtí seo, bhí sé saor in aisce do mhná le cárta leighis amháin.
Cé gur gheall iar-Aire Sláinte Stephen Donnelly agus páirtithe an Rialtais scéim €20 milliún sa toghchán deireanach, tá sé tugtha le fios nach gclúdaíonn an scéim ach costas na cógais, agus ní na táillí a ghearrann cógaiseoirí.
Dúirt foinsí Rialtais nach mbeidh aon íocaíochtaí cúil ar fáil leis an scéim HRT, agus go bhfuil an scéim fós ‘idir dhá chomhairle’ beagnach cúig mhí tar éis don dlí teacht i bhfeidhm.

Tá mná ar fud na tíre fós ag íoc an phraghais iomláin gach mí.
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.