

D’admhaigh an réalta teilifíse Spencer Matthews gur éirigh sé ‘ionsaitheach ó bhéal (verbally aggressive)’ lena bhean chéile, Vogue Williams, agus é ag insint bréige di faoina fhadhb leis ól.
Labhair Spencer, atá 36 bliain d’aois, go hoscailte faoina andúil san ól sa tsraith RTÉ ‘Hooked’.

Sa dara heagrán, labhair sé le Dr Brian Pennie, iar-andúileach hearóin atá anois ina néareolaí.
Dúirt Spencer gur ól sé beagnach gach lá ó bhí sé 15 bliain d’aois go dtí go raibh sé 30.
‘Bhíodh sé agam go minic ag 9 nó 10 ar maidin, ag siúl thart ag smaoineamh ar chupán tequila,’ a dúirt sé.
Dúirt Spencer go n-iarradh Vogue, a bhean chéile as Baile Átha Cliath, air go minic: ‘An raibh deoch agat inniu?’ agus go ndéarfadh sé go géar léi nach raibh.
Nuair a bhuail Spencer le Chip Somers, síciteiripeoir a chabhraigh leis éirí as, ní raibh sé ar meisce ag an am, ach d’ól sé go trom an oíche roimhe.
Dúirt Somers leis: ‘Tá boladh fuisce ort fós.’ Mhúscail sé sin náire ann agus dúshlán pearsanta – ní raibh sé ag iarraidh a bheith ina andúileach níos mó.
Tá sé ina bhunaitheoir ar Clean Co, cuideachta a dhéanann deochanna neamh-mheisciúla.

Deir Spencer nach mbíonn eagla air roimh ól níos mó. ‘Má tá fonn orm gloine fíona le mo bhean chéile, ólfaimid í – níl aon rud le cur i bhfolach agam níos mó,’ a dúirt sé.
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.