

Ní bheidh Pasanna Bordála agus Seiceála Isteach ag aerfoirt a thuileadh, nuair a dhéanfar athruithe radacacha ar fud an domhain.
Beidh sé níos fusa taisteal ó thír go tír ná mar atá sé anois an bus a thógáil ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste – nó áit ar bith eile in Éirinn.

Ní bheidh ticéad uait fiú!
Chomh maith leis sin, seolfar faisnéis láithreach chuig ár ngutháin má bhíonn moill ar ár n-eitilt nó faoi fhaisnéis eile a bhaineann lenár bpleananna taistil.
Beidh teaghlaigh a théann ar saoire agus fiú daoine a théann ar thurais ghearra in ann dul trí aerfoirt ar an dá thaobh go tapa trí úsáid a bhaint as aithint aghaidhe (facial recognition).
Bainfidh sé seo an próiseas traidisiúnta maidir le Pas Bordála a thaispeáint d’fhoirne slándála agus do phas a thaispeáint ag an gcuntar seiceála isteach.
In ionad doiciméadú a iompar mar chruthúnas aitheantais, beidh ‘sonraí taistil dhigitigh’ ar a bhfóin phóca anois ag paisinéirí.
Leis na ‘sonraí taistil dhigitigh’ beidh an fhaisnéis ónár bpasanna agus sonraí uile ár dticéad taistil agus ár bpasanna bordála.
Mar chuid dá bpacáiste taistil, íoslódálfaidh custaiméirí ‘pas turais’ chuig a ngutháin.
Tabharfaidh sé seo go huathoibríoch aon fhaisnéis nua duit faoi d’eitilt sula dtiocfaidh tú chuig an aerfort.
Rachaidh paisinéirí trí gheata slándála nuair a fhágann siad a mála mór le bheith stóráilte ar an áit; nó más maith leo a gcuid málaí a thabhairt leo, siúlfaidh siad trí gheata slándála ar leith.
Dúirt Valerie Viale ó Amadeus, an chuideachta theicneolaíochta taistil is mó ar domhan: ‘Tá na hathruithe seo ar na hathruithe is mó le 50 bliain.
‘Níor athraigh go leor córais aerlíne le breis agus 50 bliain mar ní mór go mbeadh gach rud comhsheasmhach ar fud an tionscail.’
Dúirt sí, áfach, mar gheall ar chomhaontuithe agus athruithe le déanaí a rinne an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (International Civil Aviation Organisation. ICAO), nach mbeidh ach ‘pas turais’ ag daoine.
Sula n-imeoidh siad, táthar ag súil faoi láthair go ndéanfaidh paisinéirí a bpas bordála a íoslódáil nó é a phriontáil ag an aerfort chun é a scanadh ag an ngeata bordála.
Giorróidh an córas nua an próiseas sin.

Mar sin féin, beidh ar aerfoirt teicneolaíocht aitheantais aghaidhe a shuiteáil chun grianghraif pas agus aghaidheanna daoine a scanadh.
Tá sé ráite ag an ICAO nach stórálfaidh aerfoirt aon fhaisnéis arna scanadh ag ríomhairí sa phróiseas seiceála.
Faoi láthair níl ach roinnt tíortha ina n-úsáidtear teicneolaíocht aitheantais aghaidhe ar an mbealach seo, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe do phaisinéirí atá ag filleadh abhaile ó thar lear.
Tá na hathruithe le teacht ag aerfoirt sna ‘dhá nó trí bliana’ atá romhainn, de réir ICAO.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.