

Dúirt iar-scoil Enoch Burke, Wilson’s Hospital School i gContae na hIarmhí, go gcuirfidh siad iarratas isteach chun é a chur ar ais i bpríosún má dhéanann sé cur isteach ar scrúduithe Stáit i mí Meitheamh, nó má thagann sé ar ais ar thalamh na scoile.
Thug an Breitheamh Ard-Chúirte David Nolan le fios le déanaí gur lean Enoch air ag cur isteach ar obair na scoile.

Dúirt sé freisin gur iompair sé é féin sa chúirt mar ‘ghasúr dána’. Cuireadh Burke ar fionraí ó mhí Mheán Fómhair 2022, tar éis diúltú glaoch ar mhac léinn a bhí ag aistriú inscne le hainm agus forainm nua.
Deir Enoch nach féidir leis tacú le ‘polasaí trasinscneach’ mar go gcreideann sé go sáraíonn sé a chreideamh reiligiúnach agus a chearta faoi Bhunreacht na hÉireann.
In ainneoin orduithe cúirte fanacht ar shiúl, tháinig sé ar ais go dtí an scoil beagnach gach lá ó 7 Márta.
Ceapadh glacadóir an lá sin chun €80,000 i bhfíneálacha a bhaint as, de bharr neamhaird ar ordú cúirte gan dul ar thalamh na scoile.
Tá breis agus 500 lá caite ag Burke i bpríosún ó cuireadh ar fionraí é.
Dúirt príomhoide gníomhach na scoile, John Galligan, sa chúirt le déanaí go mbeidh an scoil ag iarraidh smacht dlí a úsáid ar bhealach réasúnta.
Ach má dhéanann Burke cur isteach ar scrúduithe nó ar obair na scoile arís, d’fhéadfadh an scoil iarratas a dhéanamh chun é a chur ar ais i bpríosún.
Tógadh €40,000 as cuntas bainc Burke go dtí seo, agus tá €1,500 bainte as a thuarastal ón Roinn Oideachais.

Dúirt Enoch gur in aghaidh a thola atá sé sa chúirt agus gur bréaga atá á rá faoi. Éilíonn sé nach ag déanamh agóide atá sé, agus go bhfuil sé ag seasamh lena chreideamh.
Dúirt an breitheamh leis díriú ar chostais dlí. Dúirt sé: ‘Níl sé seo mar ardán agóide. Tá tú ag gníomhú cosúil le gasúr dána.’
Cuireadh deirfiúr agus máthair Enoch amach as an gcúirt tar éis dóibh cur isteach a dhéanamh ar an éisteacht.
Leanfaidh an fíneáil €1,400 sa lá mura stopann Enoch ag freastal ar an scoil.
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.