

Creideann Andy Cole nach dtuigeann daoine Roy Keane i gceart agus deir sé go bhfuil ‘cuimhní iontacha’ aige ar a thréimhse ag imirt leis an bhfear mór as Éirinn i Manchester United.
Bhí Cole i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin agus labhair sé faoin tacaíocht a thug Keane dó nuair a bhí sé tinn go dona in 2015 agus bhí trasphlandú duáin de dhíth air.
‘Sin an taobh de Roy nach bhfeiceann daoine,’ a dúirt Cole.

‘Bíonn sé réidh i gcónaí chun cabhrú leat, glaoch a chur ort, nó teachtaireacht a sheoladh chugat.’
Dúirt sé go bhféachann daoine ar Keane agus go ndeirtear go minic go bhfuil sé dian agus feargach.
‘Chuala mé duine ag rá go ndéanann sé ar fad ar mhaithe le “clickbait”,’ a dúirt sé.
‘Ach caithfidh mé gáire a dhéanamh nuair a chloisim sin, mar tá a fhios agam cén sórt duine atá ann i ndáiríre.’
Labhair Cole go fonnmhar faoina iar-chaptaen, Keane.
‘Ní raibh ann ach an fhírinne. Uaireanta, ní maith le daoine an fhírinne, ach níor chuir sé isteach orm,’ a dúirt sé.
‘Thaitin sé liom imirt leis. Captaen iontach a bhí ann. Níl ach ardmheas agam air.’
D’admhaigh sé gur thaithin stíl imeartha Keane leis, cé gur chuir sé roinnt imreoirí eile faoi bhrú.
‘Ní raibh fadhb agam leis mar bhí mé ag cleachta leis. Ach d’fhéadfadh sé a bheith deacair do roinnt de na leaids eile.
‘Bhí an oiread sin paisean aige, agus níor thuig sé conas nach bhféadfadh gach duine eile imirt ar an leibhéal céanna leis féin.’
Dúirt Cole go bhfuil an sacar nua-aimseartha beagáinín leadránach dó.
‘Bíonn sé mar an gcéanna an t-am ar fad. Ní athróinn mo ghlúin féin ar son an lae inniu.
‘Bhí an sacar níos fiáine agus níos fíochmhaire. Bhí foirne ón mbun in ann na foirne barr a bhualadh.
‘Anois, tá sé ar fad an-réadúil agus intuartha.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.