‘Beag seans’ go bhfanfaidh beagnach leath de mhúinteoirí in Éirinn sa jab

10/04/2025

Tuairiscíonn 86% de mhúinteoirí in Éirinn go mbíonn siad ag fulaingt le tuirse phearsanta a bhaineann lena gcuid oibre

Dúirt beagnach leath de mhúinteoirí in Éirinn gur ‘beag seans’ go bhfanfaidh siad ina bpostanna mar gheall ar thuirse agus fadhbanna meabhairshláinte dar le suirbhé nua.

Dúirt 86% de na múinteoirí go raibh siad ag fulaingt le tuirse phearsanta agus tuirse a bhaineann lena gcuid oibre le bliain anuas.

Luaigh 28% go raibh a meabhairshláinte ‘go dona nó an-dona’, agus dúirt 83% nach bhfuair siad aon oiliúint le déileáil leis na dúshláin sin.

mhúinteoirí

Rinneadh an taighde seo idir Samhain 2024 agus Feabhra 2025, le 1,000 múinteoir bunscoile agus iar-bhunscoile.

Dúirt 42% gur ‘beag seans’ go leanfaidh siad leis an teagasc sa todhchaí.

Dar le Dr Sabrina Fitzsimons, ceann de na taighdeoirí, tá sé fíorthábhachtach go dtabharfar aird ar na torthaí.

Dúirt sí go gcaithfear dul i ngleic leis na fadhbanna struchtúracha sa chóras oideachais agus gan an locht a chur ar aon duine amháin.

Ní raibh aon bhaint ag aois ná inscne leis na torthaí, ach léirigh an staidéar go raibh easpa cothromaíochta idir an obair agus an saol, agus bainistíocht na ndaltaí, mar chúiseanna móra leis an tuirse.

mhúinteoirí

Labhair Dr Pia O’Farrell freisin faoin tionchar atá ag athruithe ar churaclam na hidirbhliana agus úsáid na hintleachta saorga (AI) sa seomra ranga.

Deir sí go bhfuil sé ag athrú go mór an chaoi a mhúineann múinteoirí agus a dhéanann siad measúnú.

Tá súil ag na taighdeoirí go dtiocfaidh athrú meoin agus go bhfeicfear ‘burnout’ mar fhadhb chórasach seachas mar fhadhb phearsanta amháin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram