

Tá Shane Lowry tar éis tacaíochta a thabhairt da chomrádaí Éireannach Rory McIlroy agus an bheirt acu ag ullmhú do an Masters an tseachtain seo.
Beidh an Masters ag tosú Déardaoin seo in Augusta, agus tá súile an domhain spóirt arís ar McIlroy.
Tá sé fós ag iarraidh a chúigiú teideal mór a bhuachan, rud a chuirfeadh críoch leis an ‘Career Grand Slam’ dá n-éireodh leis.
Tá McIlroy, atá 35 bliain d’aois agus as Contae an Dúin, ar cheann de na hiomaitheoirí is fearr leis arís i mbliana.
Ach tá cáineadh ag dul i méid air agus ar a chapallán, Harry Diamond, go háirithe tar éis a thitim sa US Open anuraidh.
Dar le Lowry, tá an cháineadh seo míréasúnta. ‘Is é Rory an galfaire is fearr dá ghlúin,’ a dúirt sé leis an Irish Independent. ‘Agus ní fhaigheann sé faoiseamh ar bith.’
Cháin sé freisin an drochchaint atá á dhéanamh ar Harry Diamond.
‘Bhí deartháir ag Dustin Johnson mar chapallán ar feadh 10 mbliana agus ní dúradh tada. Tá Harry ag déanamh an obair – bíonn sé ar an gcúrsa i gcónaí roimh Rory, ag déanamh taighde,’ a dúirt sé.

‘Feicim é sin féin, ach níl na daoine ar na podchraoltaí amaideacha sin ag feiceáil an iarracht.’
Tá McIlroy i bhfoirm mhaith, tar éis dó The Players Championship a bhuachan le gairid.
Tá Lowry féin i measc na réaltaí freisin, agus é tar éis críochnú sa tríú háit ag The Masters in 2022.
Le ceithre chríoch sa 25 is fearr le cúig bliana anuas, tá súil ag lucht tacaíochta na hÉireann go mbeidh rath ar an mbeirt acu i mbliana.
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.