Chuir Airí Rialtais moill ​​ar dhlí nua chun srian a chur ar Airbnb – rud a chuirfeadh 12,000 teach ar díol

09/04/2025

Níor aontaigh an Chomh-Aireacht (Cabinet) le pleananna a gealladh chun srian a chur ar lóistín ar nós Airbnb – agus laghdú a dhéanamh ar easpa dídine – toisc go bhfuil airí buartha faoin turasóireacht

Tá moill á cur ag airí Rialtais ar dhlíthe a gealladh chun srian a chur ar lóistín ar nós Airbnb.

Dúirt an Rialtas go bhfuil siad chun srian 90 lá sa bhliain a chur a lóistín gearrthéarmach i gceantair uirbeacha le daonra os cionn 10,000.

Gealladh go gcabhródh sé sin le fadhb na heaspa dídine a mhaolú, agus go gcuirfí níos mó tithe ar fáil do theaghlaigh chun cónaí iontu.

Aire Fhianna Fáil agus Teachta Dála ó Chiarraí Norma Foley
Aire Fhianna Fáil agus Teachta Dála ó Chiarraí Norma Foley

Mar sin féin, tá airí ag cur in aghaidh na bpleananna.

Tá sé ráite cheana féin ag an Rialtas go bhféadfadh na bearta suas le 12,000 teach nó árasán a thabhairt isteach sa mhargadh tithíochta.

Mar sin féin, tuigtear go bhfuil aire Fhianna Fáil agus Teachta Dála ó Chiarraí Norma Foley ag cur in aghaidh na reachtaíochta, in éineacht le roinnt airí Neamhspleácha, mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar thurasóireacht tuaithe.

Dúirt Aire Stáit na Roinne Talmhaíochta, Michael Healy-Rae, Teachta Dála neamhspleách ó Chiarraí freisin, leis an Irish Daily Mail nach gcreideann sé go gcuirfí líon mór tithe nó árasán ar an margadh de bharr na reachtaíochta.

Dúirt an tUasal Healy-Rae go bhfuil sé ‘dóchasach gur féidir teacht ar réiteach atá inghlactha ag gach duine’.

Dúirt sé má thugtar na bearta isteach nach mbeidh ach méid beag tithe nó árasáin bhreise ar díol.

Dúirt sé nach bhfuil leas dílsithe (vested interest) aige sa reachtaíocht. Dúirt sé go bhfuil roinnt maoine (property) ar cíos aige agus go bhfuil roinnt tithe aíochta aige ach nach bhfuil áiteanna le lóistín gearrthéarmacha aige. Dúirt sé nach n-úsáideann sé Airbnb.

Dúirt sé áfach go bhfuil cíos gearrthéarmach an-tábhachtach don turasóireacht in áiteanna ar nós Mhórchuaird Chiarraí (Ring of Kerry).

Tháinig an coiste Comh-Aireachta ar thithíocht le chéile an tseachtain seo caite ach níl Foley ná Healy-Rae mar chuid de.

D’aontaigh an coiste leis na bearta nua do cheantair ina bhfuil os cionn 10,000 cónaitheoir.

Mar sin féin, ní raibh meamram ar an gclár roimh chruinniú na Comh-Aireachta Dé Máirt,  agus dhiúltaigh na hairí cead a thabhairt don Aire Fiontar agus Turasóireachta Peter Burke agus don Aire Tithíochta James Browne é a chur i láthair.

Dúirt foinsí Comh-Aireachta go raibh roinnt airí míchompordach le ‘hathruithe ar an nóiméad deireanach’ a bhí ag Burke.

Dúirt aire shinsearach nach bhfuair siad an Bille ach nóiméad sular cuireadh tús le cruinniú na Comh-Aireachta.

‘Cuirfear i láthair é an tseachtain seo chugainn,’ ar siad.

‘Ní bhfuaireamar na doiciméid ach cúig nóiméad sula ndeachaigh muid isteach sa chruinniú,’ a dúirt aire eile. ‘Tá níos mó ama ag teastáil uainn chun an rud a léamh.’

Tá Michael Healy-Rae ar dhuine de na hairí atá i gcoinne na mbeart nua
Tá Michael Healy-Rae ar dhuine de na hairí atá i gcoinne na mbeart nua

Shéan duine sinsearach amháin go raibh na hathruithe ag an nóiméad deireanach, ag rá gur scaipeadh an reachtaíocht agus an meamram molta ‘i bhfad roimh an gcruinniú’.

Creidtear go bhfuil ‘athmheasúnú’ á dhéanamh ar an teorainn daonra de 10,000 sula dtabharfar ar ais é sna seachtainí atá romhainn.

Tá daonra 14,412 ag baile turasóireachta Chill Airne, i ndáilcheantar Healy-Rae agus Foley, de réir dhaonáireamh 2022.

Dúirt foinsí Comh-Aireachta go bhfuil go leor lóistín caillte ag turasóireacht tuaithe agus go leor seomraí óstáin á n-úsáid chun cóiríocht a thabhairt d’iarrthóirí tearmainn.

Le daonra de 26,000, is dócha go mbeidh baile dúchais Foley i dTrá Lí ar cheann de na bailte turasóireachta a bhféadfadh na dlíthe nua dul i bhfeidhm orthu.

Dúirt an tAire Browne gur gá na rialacha a ‘mhionchoigeartú (fine-tune)’ sula bhféadfaidh na hairí iad a cheadú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram