An aimsir don Mháirt: Beidh sé socair le neart solais na gréine, a deir Met Éireann

An aimsir: Le naisc (links) chuig nuashonruithe (updates) ar líne

An aimsir i gcoitinne: Fanfaidh sé socairdon chuid eile den tseachtain le neart solais na gréine.

An aimsir don Mháirt

Glanfaidh ceo agus ceobhráin maidin Dé Máirt agus lá tirim grianmhar a bheidh ann. Teocht is airde 14 go 19 gcéim, is fuaire in aice leis an gcósta theas agus thoir mar gheall ar ghaoth éadrom. Oíche Mháirt: Tirim agus glan le ceo agus ceobhráin. An teocht is ísle 2 go 6 céim le gaoth éadrom

An aimsir don Chéadaoin

Tirim agus grianmhar le teochtaí is airde 14 go 19 gcéim, is fuaire feadh an chósta thoir mar gheall ar ghaoth éadrom.

Oíche Chéadaoin: Tirim agus socair le ceo agus ceobhráin. Teocht is ísle 2 go 6 céim.

An aimsir don Déardaoin

Lá tirim, socair agus grianmhar le teocht is airde 16 go 19 céim.

Oíche Déardaoin: Tirim le ceo, go háirithe ar an taobh theas den tír. Teocht is ísle 4 go 7 gcéim.

An aimsir don Aoine

Glanfaidh ceo ó fhormhór na gceantar ar maidin ach d’fhéadfadh sé fanacht in aice le roinnt cóstaí. Lá eile tirim agus grianmhar le teocht idir 14 agus 19 gcéim, is fuaire san iarthuaisceart le gaotha éadroma.

An Deireadh Seachtaine: Faoi láthair tá an chuma ar an scéal gur lá tirim den chuid is mó a bheidh ann Dé Sathairn, ach níos scamallaí ná i rith na seachtaine. Ceathanna  agus laghdú beag ar an teocht ar an Domhnach, b’fhéidir.


Foclóir aimsire

Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast

Drochaimsir = Bad weather 

Báisteach = Rain

Ceo = Fog

Ceobhráin = Mist or drizzle

Brádán báistí = Drizzle

Múraíl báistí = Showers of rain

Sneachta = Snow

Flithshneachta = Sleet

Clocha sneachta = Hailstones

Faoi bhun an reophointe = Freezing

Sioc = Frost

Tréimhsí Gréine = Sunny spells

Ráigeannaí báistí = Bursts of rain

An ghaoth aduaidh = The wind from the north

An ghaoth aneas = The wind from the south

An ghaoth aniar = The wind from the west

An ghaoth anoir = The wind from the east

An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest 

An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram