

An aimsir i gcoitinne: Fanfaidh sé tirim le neart gréine i rith na laethanta agus méadóidh an teocht de réir a chéile. Beidh sé níos fuaire i rith na hoíche áfach.
An aimsir don Luan
Beidh an Luan tirim le neart gréine. Beidh sé beagán níos teo go ginearálta ná an tseachtain seo caite, le teocht is airde, 14 go 19 céim. Beidh sé níos fuaire in aice leis an chósta thoir agus theas, le gaoth éadrom soir ó dheas.
Beidh oíche Dé Luain tirim le roinnt ceo nó ceobhráin. Beidh sé fuar le teocht is ísle 0 go 5 céim, le gaotha éadrom. Beidh roinnt sioc ann freisin.

An aimsir don Mháirt
Beidh an ceo imithe ar maidin agus lá tirim eile a bheidh ann le neart gréine. An teocht is airde 14 go 18 céim le gaotha éadrom.
Beidh oíche Dé Máirt fuar le tréimhsí soiléire agus gaoth éadrom. Teocht is ísle 1 go 6 céim.
Beidh roinnt sioc ann. Beidh ceo agus ceobhráin ann freisin.
Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast
Drochaimsir = Bad weather
Báisteach = Rain
Ceo = Fog
Ceobhráin = Mist or drizzle
Brádán báistí = Drizzle
Múraíl báistí = Showers of rain
Sneachta = Snow
Flithshneachta = Sleet
Clocha sneachta = Hailstones
Faoi bhun an reophointe = Freezing
Sioc = Frost
Tréimhsí Gréine = Sunny spells
Ráigeannaí báistí = Bursts of rain
An ghaoth aduaidh = The wind from the north
An ghaoth aneas = The wind from the south
An ghaoth aniar = The wind from the west
An ghaoth anoir = The wind from the east
An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest
An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.