Blas Bhleá Cliath: Ceiliúradh ar chánúint na cathrach – éist leis an agallamh

03/04/2025

Cosúil le go leor gnólachtaí i mBaile Átha Cliath tá an ‘Brow Boss’ Suzanne O’Connor ag spreagadh a cuid custaiméirí cúpla focal a labhairt gach lá

Is iontach an rud a tharlaíonn leis an nGaeilge nuair a labhraíonn muid cúpla focal, go háirithe le blas Bhleá Cliath.

Seo a tharla do bhean ghnó amháin – an ‘Brow Boss’ Suzanne O’Connor i mBaile Átha Cliath –  nuair a bheartaigh sí cúpla focal a labhairt lena cliaint.

Ar ndóigh tá an Ghaeilge le cloisteáil níos mó i mBaile Átha Cliath, agus í á fhorbairt ag gnólachtaí beaga – agus táimid buíoch de BÁC Le Gaeilge as a lán den athbheochan sin.

Blas na cathrach le foireann Brow Boss
Blas na cathrach le foireann Brow Boss

Rugadh Suzanne in Inse Chór (Inchicore), d’fhreastail sí ar Ghaelscoil Inse Chór agus ar Choláiste Chillian i gCluain Dolcáin, lena deartháir agus dhá dheirfiúr. Agus deir sí go bródúil: ‘Tá Gaeilge agam agus tá mé chun í a labhairt!’

Ag an am céanna ní labhraíonn Suzanne a teanga féin leis an mblas céanna agus atá ag muintir Charna, Gaoth Dóbhair nó Daingean Uí Chúis.

‘Tá Gaeilge dhifriúil againn i mBaile Átha Cliath,’ a deir sí, ‘uaireanta cuireann muid isteach cúpla focal Béarla anseo is ansiúd.’

Troid le haghaidh Gaelscoil in Inse Chór

In agallamh ar Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4FM, Dúirt Suzanne: ‘Bhí mo mháthair, lena lán daoine eile, ag troid le haghaidh scoile,  Gaelscoil Inse Chór, os comhair na Dála, 45 bliain ó shin agus fuair siad an scoil.

‘Chuaigh mé ansin agus ansin chuaigh mé go dtí Gaelscoil i gCluain Dolcáin go dtí go raibh mé 18.’

An raibh sí á labhairt ó shin?

‘Ní raibh,’ deir sí, ach tar éis an scannáin Kneecap a fheiceáil, ‘agus na leaids seo a bhí chomh bródúil as í  a labhairt’ bhí uirthi rud éigean a dhéanamh.

Deir Suzanne: ‘Nuair a bhí mise ag fás aníos, bhí muid bródúil inár gcroí. Ach bhí náire orainn uaireanta.

‘Ní raibh sé “cool”. Nuair a bhí muidne ag fáil an bus scoile bhí na daoine ag rá, “seo hiad na Irish kids”, agus is Éireannaigh iad féin.

Éist leis an agallamh le Suzanna O'Connor. Cliceáil ANSEO
Éist leis an agallamh le Suzanna O’Connor. Cliceáil ANSEO

Éist leis an agallamh le
Suzanna O’Connor. Cliceáil ANSEO

‘Bhí sé sin ina smaoineamh agam agus mé ag féachaint ar an scannán sin.

‘Dúirt na páistí sin linn nuair a bhí muid ag fás aníos: “Níl sibh chun é seo a úsáid in aon áit eile ach amháin nuair atá sibh ar scoil, cén fáth go bhfuil sé á déanamh?” Agus dúirt mé liom féin: Tá siad ceart!

‘Tá a lán de mo chairde atá fós ag labhairt Gaeilge, ach bhí mise chun iad sin [na páistí eile] a ligean a bheith ceart. Níl mé á labhairt, agus bhí sé sin ag cur isteach orm.

‘Dúirt mé liom féin: Conas a bhí mé chun í a labhairt ó lá go lá. Labhraím le mo chlann í anois is arís, ach ní labhraím í gach lá.

‘Le sin, chuir sí físeán ar Instagram agus TikTok chun a fheiscint cad a bheadh le rá ag daoine eile faoi sin.

‘Siad sin na daoine a thagann isteach chuig an siopa gnó chun na malaí (eyebrows) a bheith cóirithe.’

Agus chonaic níos mó daoine an físeán sin ná aon fhíseán a chuir sí suas roimhe sin faoi mhalaí.

Dúirt sí: ‘Bhí trácht ó dhaoine ag labhairt faoi agus ag rá, tá sé seo go hiontach, agus ní féidir liom fanacht chun teacht isteach.’

Bhí siad ag rá go raibh siad ag labhairt Gaeilge nuair a bhí siad níos óga, ach níl anois é.

Dúirt Suzanna go raibh siad ag rá: ‘Tá súil agam go bhfuil mé in ann í a labhairt anois’. Agus dúirt sise leo: ‘Cén fáth nach mbeadh.’

Deir sí: ‘Is féidir le daoine teacht isteach chugamsa agus an obair a bheith acu agus muid ag labhairt Gaeilge.

‘Is féidir liomsa mo chúpla focal a úsáid agus is féidir leo í a labhairt nó is féidir leo na cúpla focal atá acu a scaipeadh.’

Blas Bhláth Cliath, you know!

Ag caint faoi blas Bhláth Cliath, deir Suzanne: ‘Tá Gaeilge dhifriúil againn i mBaile Átha Cliath. Agus uaireanta cuireann muid isteach cúpla focal Béarla anseo is ansiúd.

‘Ach táim á labhairt, agus tá mé ag iarraidh í a labhairt agus tá mé chun í a labhairt, agus tá mé chun í a labhairt níos mó.

‘Tá mé anseo! Éist! Tá mé á labhairt le Joe, agus níl aon fhadhb idir an bheirt againn. Tá tú in ann mé a thuiscint agus tá mé in ann tusa a thuiscint.

‘Níl gach focal atá agam foirfe ach ní gá dó a bheith. Ach fós tá mé á úsáid agus beidh mé níos fearr gach uair atá mé ag labhairt le duine éigin eile agus duine éigin eile.

‘Bíonn muid neirbhíseach agus bíonn náire orainn í a labhairt, ag ceapadh nach mbeidh muid chomh maith le gach duine atá á labhairt gach lá.’

Deir Suzanne, agus í ag fás aníos go ndeachaigh gach duine as rang a 5 agus rang a 6 go dtí an Ghaeltacht ar feadh trí sheachtain agus chuaigh sise ann freisin.

Suzanne O'Connor
Suzanne O’Connor

‘Chuaigh muid go léir ann, agus nuair a chuaigh aon duine de mo chairde ar áit mar sin, bhí siad neirbhíseach agus bhí siad ag rá: “Oh God! Ní bheidh mé in ann labhairt. Tá mé chun a bheith i dtrioblóid.”

‘Ach nuair a chuaigh muidne bhí sé deadly. Bhí mé ag labhairt Gaeilge. Tá siadsan mar chuid de na cuimhní is fearr agamsa; agus an chraic a bhí againn.

‘Agus ansin tháinig do mháthair agus d’athair síos le haghaidh deireadh seachtaine agus bhí siad ag dul amach le bean an tí.

‘Na rudaí sin, is iad na smaointe ón aois sin, na smaointe is fearr.’

Agus ceiliúradh ar chánúint na cathrach agus blas Bhleá Cliath a bhí i gceist i gcónaí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram