

Tá an HSE tar éis foláireamh poiblí sláinte a dhéanamh mar tá an baol ann go ndearna paisinéirí ar an traein ó Bhaile Átha Cliath go Sligeach teagmháil le duine a raibh bruitíneach (measles) orthu an seachtain seo caite.
Dúirt an HSE go bhfuil an seans ann go ndearna aon duine a bhí i gCarráiste D ar feadh níos mó ná 15 nóiméad ar an traein a d’fhág Stáisiún Uí Chonghaile ag a 5.05in i mbaol.

Iarradh ar aon duine a bhí ar an gcarráiste an Aoine seo caite teagmháil a dhéanamh lena ndochtúir chomh luath is gur féidir.
Dúirt an HSE go raibh ‘cás amhrasach bruitíní’ aimsithe agus cuireadh Roinn na Sláinte ar an eolas faoi.
Dúirt urlabhraí ón HSE: ‘Más rud é gur thaisteal tú ar an traein ar feadh níos mó ná 15 nóiméad, tá sé ríthábhachtach go mbeidh tú ar an eolas faoi na siomptóim a bhaineann leis an mbruitíneach.
‘Bíonn na siomptóim an-chosúil leis na siomptóim a bhaineann le slaghdán; srón a bhíonn ag sileadh, sraoth a ligean, casacht, súile dearga agus teocht thar 38C nó níos mó,’ a dúirt an HSE
‘Má tá na siomptóim seo ort, faigh comhairle leighis le do thoil. Cur glaoch fóin sula fhreastalaíonn tú ar aon suíomh le haghaidh cúram sláinte.
‘Is é an vaicsaín MMR an bealach is fearr chun thú féin a chosaint i gcoinne na bruitíní.’
An bhliain seo caite, sheol an HSE feachtas chun an vaicsaín a chur ar fáil de dhaoine de bharr méadú ar chásanna sa Bhreatain agus an Eoraip.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.