A sexy good night! Codladh sámh le caidreamh collaí, a deir na saineolaithe

Léirigh torthaí taighde go raibh codladh níos fearr ag fir agus mná ar oícheanta a raibh gnéas acu

Má bhíonn fadhb agat le codladh, b’fhéidir nach bhfuil gá le piollairí codlata, cupán cócó te nó leabhar maith.

Tá taighde nua ag léiriú go bhféadfadh gnéas roimh am codlata cabhrú leat titim i do chodladh níos tapa agus fanacht i do chodladh níos faide.

Bhí daoine níos aclaí agus níos fuinniúla an lá dár gcionn nuair a bhí siad gníomhach go collaí
Bhí daoine níos aclaí agus níos fuinniúla an lá dár gcionn nuair a bhí siad gníomhach go collaí

Rinne taighdeoirí in Ollscoil Lárnach Queensland san Astráil staidéar ar 14 duine – seachtar fear agus seachtar ban – thar thréimhse dhá sheachtain.

Chaith siad banda cliste ar a gceann gach oíche, roimh thitim i gcodladh, a thomhais gluaiseachtaí agus gníomhaíocht leictreach ina n-inchinn chun patrúin chodlata a thuiscint.

Choinnigh na rannpháirtithe dialann freisin faoi cathain a bhí gnéas acu agus cé acu a bhain nó nár bhain súnás (orgasm) amach.

Léirigh torthaí an taighde go raibh codladh níos fearr acu ar na hoícheanta a raibh gnéas acu.

Ar na hoícheanta gan gnéas, d’éirigh na rannpháirtithe suas le 23 nóiméad ar an meán i rith na hoíche.

Ach nuair a bhí siad gníomhach go collaí, laghdaigh an tréimhse seo go 16 nóiméad amháin.

Tá tuairim ag na saineolaithe go bhfuil baint ag na torthaí seo le hormóin a scaoiltear le linn gnéis, go háirithe le linn súnáis.

Creidtear go gcabhraíonn na hormóin seo le daoine titim i gcodladh níos tapa agus codladh níos doimhne a bheith acu.

I dtuarascáil ar an staidéar, dúradh: ‘Tá aitheantas forleathan ann go mbíonn tionchar socair ag gnéas, go háirithe “orgasm”, ar cháilíocht an chodlata.

‘Fuaireamar amach go raibh daoine níos aclaí agus níos fuinniúla an lá dár gcionn nuair a bhí siad gníomhach go collaí an oíche roimhe sin.’

Is fadhb mhór í an t-insomnia in Éirinn, a théann i bhfeidhm ar thart ar 15% den daonra.

B’fhéidir gurb é gnéas an réiteach nádúrtha is fearr dóibh siúd atá ag streachailt le codladh maith!


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram