George Clooney: Tá mé róshean do na scannáin rómánsacha

31/03/2025

‘Tá mé 63 bliain d’aois. Níl mé ag iarraidh dul in iomaíocht le réaltaí 25 bliain d’aois,’ a George Clooney

Bhí George Clooney ar dhuine de na réaltaí ba mhó i scannáin rómánsacha agus ghrinn, ach anois tá sé tar éis admháil nach bhfuil sé ag glacadh le rólta mar sin níos mó.

Dúirt Clooney: ‘Tá mé 63 bliain d’aois. Níl mé ag iarraidh dul in iomaíocht le réaltaí 25 bliain d’aois. Níl sé sin mar phost agam.’

Bhí Clooney an-rathúil i scannáin mar Intolerable Cruelty (2003) le Catherine Zeta-Jones, agus thug sé stíl uathúil do scannáin ghrinn.

George Clooney le Amal
George Clooney le Amal

Bhí sé mar réalta freisin in Ocean’s Eleven agus Ocean’s Twelve, áit a raibh splanc iontach ann idir é féin agus Julia Roberts.

Ba é Ticket To Paradise (2022) an scannán rómánsach deireanach a rinne sé, áit ar oibrigh sé arís le Julia Roberts. Bhí rath mór air, ag déanamh $168 milliún sa phictiúrlann.

Anois, tá Clooney ag bogadh chuig céim nua ina ghairm. Beidh sé le feiceáil ar Broadway don chéad uair ar an 3 Aibreán sa dráma stairiúil Good Night, And Good Luck, bunaithe ar an scannán a stiúir sé agus a scríobh sé in 2005.

Bhí Clooney i dtrioblóid tamaill ó shin mar gheall ar scríobh sé ag pléadáil ar Joe Biden seasamh ar leataobh.

Scríobh George an t-alt i mí Iúil seo caite. Bhí sé sin trí seachtaine tar éis dó freastal ar ócáid ​​tiomsaithe airgid leis an Uachtarán Biden.

Agus nuair a bhí an toghchán caillte ag na Daonlathaigh, bhí go leor daoine ag rá gur chuir focail George tús leis na himeachtaí ba chúis le bua Trump.

Ina phíosa, labhair George faoin meas atá aige do Biden.

Dúirt sé: ‘Is breá liom Joe Biden. Mar sheanadóir. Mar leasuachtarán agus mar uachtarán. Measaim gur chara é liom, agus creidim ann. Creidim ina charachtar. Creidim ina mhoráltacht.

‘Le ceithre bliana anuas, tá go leor de na cathanna a thug sé buaite aige. Ach an cath amháin nach féidir leis a bhuachan ná an troid in aghaidh ama. Ní féidir le haon duine againn é sin a dhéanamh.’

clooney 12

Nuair a d’fhógair Biden nach mbeadh sé ag rith le haghaidh atoghadh, mhol Clooney é freisin.

Rinne Biden an rud a d’iarr sé air a dhéanamh, agus ina dhiaidh sin tháinig Kamala Harris chun bheith ina iarrthóir don Pháirtí Daonlathach.

Agus nuair a theip uirthi is ar George bocht a cuireadh an locht.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4


Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram