Féach ar an ‘eye candy’ i Venice le Amal

30/08/2023

Réaltaí sna pictiúir: Tháinig an lánúin iomráiteach Amal Alamuddin agus George Clooney chuig féile scannán i stíl

Bhí gach súil ar Amal Alamuddin agus í ag teacht chuig an 80ú Féile Scannán Idirnáisiúnta sa Veinéis (Venice) le coimhdeacht (escort) tharraingteach – George Clooney.

Meastar go bhfuil an lánúin mar ‘Hollywood royalty’ anois agus ghlac siad an ról go héasca.

George agus Amal
George agus Amal

Bhreathnaigh George go deas ach neamhfhoirmeálta (casual) ag péireáil bríste mionstríocach (pinstriped) le léine póló dubhghorm agus ar ndóigh, péire spéaclaí gréine frithchaiteacha (reflective).

Agus choinnigh Amal rudaí simplí ach chic i ngúna priontála datha dubh agus bán.

George and amal 4

Phéireáil sí an gúna  gearr le mála láimhe ‘slouchy’ agus péire sála stiletto a bhí ina leithscéal foirfe chun greim a choinneáil ar lámh a fir.

Is turas síos é an lána cuimhne don aisteoir agus don dlíodóir um chearta an duine, mar gur phós siad sa Veinéis in 2014 tar éis dóibh dul i mbun comhráite in 2013.

Cosúil le lá a bpósta, tá an Fhéile Scannán le bheith ina imeacht lán le réalta agus beidh Adam Driver agus Jessica Chastain i láthair.

George and amal 5

Bhí ceisteanna ann faoi cé a d’fhreastalódh ar an imeacht i ndáiríre tar éis deireadh a chur le an-chuid gníomhaíochta Hollywood nuair a tháinig baill den ceardchumann SAG-AFTRA amach ar stailc le Cumann na Scríbhneoirí Mheiriceá ag agóidíocht in aghaidh úsáid AI agus chun pá níos fear a fháil.

Mar sin féin, níl George agus Amel ag briseadh an stailc.

George and amal 2

Thuairiscigh Variety  go bhfuair roinnt scannán a bhí le seoladh ag tarscaoileadh (waiver) ó SAG-AFTRA mar gur léiriúcháin neamhspleácha iad.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram