

Tá an tAire Tithíochta, James Browne, ag rá nach nglacfaidh sé leis an rabhadh ón nGobharnóir an Bhainc Cheannais, Gabriel Makhlouf.
Dúirt an tAire go leanfaidh sé leis na pleananna chun tacaíochtaí airgeadais a thabhairt d’fhorbróirí tithíochta.
Tá an Rialtas faoi bhrú chun tógáil tithíochta a spreagadh, go háirithe maidir le tógáil árasán i mBaile Átha Cliath.
Deir an tAire Browne go bhfuil an córas ‘briste’, agus nach bhfuil an maoiniú ceart á fháil ag forbróirí chun árasáin a thógáil.

Tá líon na gceadanna pleanála do thógáil árasán tar éis titim 39% le bliain anuas.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil baol ann nach mbainfidh an Rialtas a spriocanna tithíochta amach i mbliana.
Creideann an tAire Browne go bhfuil an easpa maoinithe mar phríomhchúis leis an bhfadhb seo.
Thug Gabriel Makhlouf rabhadh nach bhfuil tuilleadh idirghabhála sa mhargadh tithíochta ag teastáil.
Dar leis, ba cheart don Rialtas stad agus scrúdú a dhéanamh ar na bearta atá déanta cheana féin, sula gcuirtear aon cheann nua i bhfeidhm.
Chuir sé béim ar an bhfíric go bhfuil bainc in ann níos mó a thabhairt ar iasacht cheana féin, ach gur cheart don Rialtas díriú ar fhorbairt bonneagair agus ar an gcóras pleanála a fheabhsú.
Ní aontaíonn an tAire Browne leis an meon seo, áfach.

Dúirt sé gur fadhb airgeadais atá ann, agus nach mbaineann sí leis an bpleanáil amháin.
Dar leis, tá infheisteoirí idirnáisiúnta ag seachaint árasáin a thógáil i mBaile Átha Cliath toisc go bhfuil an costas ró-ard agus nach bhfeiceann siad brabús sa réimse seo.
Tá an Coiste Comh-Aireachta ar Thithíocht le bualadh le chéile an Luan seo chugainn chun plé a dhéanamh ar bhearta nua, ach ní bheidh aon chinneadh déanta go ceann dhá mhí ar a laghad.
Cé go bhfuil an tAire Browne agus a pháirtí, Fianna Fáil, ag iarraidh faoiseamh cánach a thabhairt d’fhorbróirí, tá easaontas ann laistigh den Rialtas.
Tá Fine Gael, agus go háirithe an tAire Airgeadais Paschal Donohoe, in aghaidh filleadh ar an gcóras faoiseamh cánach a úsáideadh le linn Ré an Tíogair Cheiltigh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.