

Tá faitíos roimh ghéarchéim eacnamaíoch mar gheall ar na taraifí ó Mheiriceá agus tá Sinn Féin aontaithe taobh thiar den Rialtas agus iad ag diúltú d’éilimh go bhfuil Éire ag tógáil cánacha Mheiriceá.
Shéan urlabhraí Airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty éilimh a rinne Rúnaí Tráchtála na Stát Aontaithe, agus dúirt airí go mbeidh ar an Eoraip seasamh le chéile in aghaidh taraifí Mheiriceá.
Mhaígh an Rúnaí Tráchtála Howard Lutnick go bhfuil Meiriceá ag cailleadh trilliún dollar mar gheall ar ‘chamscéimchánach’ na hÉireann, agus dúirt sé go dtabharfaidís isteach taraifí chun cuideachtaí a thógáil amach as Éirinn.

Bhí an tUasal Lutnick, iar-bhaincéir infheistíochta a thacaíonn go láidir leis an Uachtarán Donald Trump, ag caint faoi líon na ngnólachtaí cógaisíochta agus teicneolaíochta Meiriceánacha atá ag feidhmiú anseo.
Tagann a ráiteas i ndiaidh tuairimí an Uachtaráin Trump don Taoiseach Micheál Martin, le linn a chruinniú san Oifig Oval.
Tá sé ráite ag an Uasal Trump go dtabharfaidh sé isteach níos mó taraifí agus dúirt sé gur ‘ghoid’ Éire cuideachtaí Meiriceánacha agus go dtógfadh sé ar ais iad.
Dúirt an tUasal Trump : ‘Thóg tú ár gcuideachtaí cógaisíochta agus cuideachtaí eile? Tá an t-oileán álainn seo ina bhfuil cúig mhilliún duine tar éis teacht i dtír ar thionscal cógaisíochta iomlán na Stát Aontaithe.’
Chomh maith leis sin, dúirt an tUasal Lutnick: ‘Ní mór dúinn iarracht a dhéanamh cuid iomlán de na camscéimeanna cánach seo a réiteach.
‘Is í Éire an ceann is fearr liom. Bhí barrachas (surplus) buiséid de €60 billiún ag tír na hÉireann anuraidh. Mar sin caillimid dhá thrilliún agus déanann siad €60billiún.
‘Éire, cad a dhéanann siad? Ó, tá an mhaoin intleachtúil (intellectual proerty) go léir acu dár gcuid cuideachtaí móra teicneolaíochta agus cuideachtaí móra cógaisíochta.’
Ag caint faoi na taraifí dúirt sé: ‘Cuireann na cuideachtaí ansin é mar gheall ar a cháin íseal, agus ní íocann siad sinne, íocann siad iadsan. Mar sin caithfidh muid deireadh a chur leis sin.’
Dúirt an tUasal Doherty, áfach, nach raibh barrachas de €60billiún ag Éirinn anuraidh agus dúirt sé nár cheart ‘eolas mícheart’ mar sin a chur amach ansin.
Dúirt sé nach bhfuil an t-eolas a bhí ag an Uasal Lutnick ‘cruinn’.
Dúirt sé: ‘Cé go bhféadfadh tuairimí mar seo a bheith mí-eolasach agus míthreorach, caithfimid dul i ngleic leo freisin.
‘Ba bhuntáiste iomaíoch í an cháin i gcónaí d’Éirinn, ach is í an fhíorchúis go bhfuil cuideachtaí lonnaithe anseo ná an tallann atá againn agus an rochtain ar an Aontas Eorpach agus tá earnáil tógtha againn atá in ann seirbhís a thabhairt do na cuideachtaí seo le blianta fada anuas.
‘Ní thagann deireadh leis sin thar oíche.’
Tá an Rialtas ag éirí neirbhíseach go mbeidh na taraifí dírithe go sonrach ar na Stáit Aontaithe.
Thug tuarascáil ón ESRI foláireamh go bhféadfadh taraifí cur isteach ar 80,000 post Éireannach agus suas le €18 billiún a bhaint den gheilleagar.

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go bhfuil ‘an baol ann go n-ardóidh praghsanna, go gcruthófar níos lú post agus go mbeidh dul chun cinn ár ngeilleagar níos moille’ mar thoradh ar chogadh trádála.
Tá an tAire Trádála Simon Harris tar éis a mholadh go ndéanfaí tuilleadh cainteanna ach dúirt sé freisin: ‘Caithfidh muid a bheith an-ionraic faoi seo: Ag an bpointe seo, is cosúil go bhféadfadh cur isteach suntasach a bheith ann ó thaobh fógraí ó na Stáit Aontaithe go luath i mí Aibreáin.
‘Tá sé tábhachtach go bhfreagraímid go daingean ar fud an Aontais Eorpaigh ina leith seo.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.