

Cháin an Tánaiste Simon Harris an státseirbhís mar gheall ar agóidí inimirce; agus dúirt sé gur de bharr ‘easpa rannpháirtíochta’ le comhairleoirí áitiúla ba chúis leis na hagóidí, i bpáirt.
Tá gearán déanta ag comhairleoirí ar fud na tíre, le 18 mí anuas, agus iad ag rá nach ndeachthas i gcomhairle leo, agus nach dtugadh eolas bunúsach dóibh fiú, faoi ionaid tearmainn a bhí le bunú ina bpobail.
Bhí roinnt agóidí ar fud na tíre i nGaillimh, i gCill Mhantáin (Wicklow), i mBaile Átha Luain (Athlone) agus in áiteanna eile, agus bhí foréigean sa Chúlóg (Coolock), Co Bhaile Átha Cliath agus i mBaile an Chinnéidigh (Newtwonmountkennedy)i gCo. Chill Mhantáin.
Cheistigh ceannaire Fhine Gael an tUasal Harris ról na n-oifigeach neamhthofa sa chinnteoireacht agus dúirt sé gur mhaith leis cumhachtaí níos láidre a thabhairt d’ionadaithe tofa áitiúla.

Roinn an tUasal Harris na tuairimí sin ar Galway Bay FM, an seachtain seo caite, nuair a chuir John Morley sraith ceisteanna ó éisteoirí air agus an t-agallamh ag druidim chun deiridh.
D’fhiafraigh duine acu: ‘Cén fáth a bhfuil comhairlí anois á bhainistiú ag príomhfheidhmeannaigh a bhfuil cláir oibre acu in ionad ár n-ionadaithe tofa?’
Agus é ag freagairt, dúirt an tUasal Harris: ‘Glacaim go soiléir an pointe a dhéanann d’éisteoir maidir le cothromaíocht na cumhachta idir comhairleoirí áitiúla agus oifigigh neamhthofa.
‘Tá oifigigh neamhthofa, dála an scéil, ag obair go dian dícheallach agus gabhaim buíochas leo as a gcuid seirbhíse poiblí, ach beidh mé i gcónaí ar an taobh siúd atá tofa ag déanamh cinntí.
‘Sin an fáth, sa Chlár don Rialtas, a bhfuil gealltanas tugtha againn athbhreithniú a dhéanamh ar chumhachtaí na gcomhairleoirí.’
Dúirt an tUasal Harris: ‘Creidim gur cheart dúinn níos mó cumhachta a thabhairt ar ais do na comhairleoirí atá tofa go daonlathach sa tír seo.
‘Smaoiním ar chuid de na hagóidí a bhí againn le tamall anuas, ina measc b’fhéidir imirce, lóistín agus a leithéid.
‘Is é mo thuairim gur tharla siad uaireanta mar gheall ar easpa rannpháirtíochta le hionadaithe tofa go háitiúil.’
Tá príomhfheidhmeannach ag gach údarás áitiúil – státseirbhíseach – atá fostaithe chun an chomhairle a bhainistiú.
Ceaptar iad in oifig ar feadh seacht mbliana, le rogha dul ar aghaidh ar feadh trí bliana eile, agus tá raon dualgas orthu, lena n-áirítear maoirsiú, bainistiú agus íoc na bhfostaithe agus na n-oifigeach; agus déanann siad conarthaí ar son na comhairle.
Dúirt foinsí atá gar don Tánaiste, cé go bhfuil sé ag iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar an ‘éagothroime cumhachta (power imbalance)’ seo, gur díríodh a thuairimí faoi inimirce ar an Roinn Lánpháirtíochta agus a easpa rannpháirtíochta le pobail, lena n-áirítear polaiteoirí áitiúla, ar phleananna d’ionaid tearmainn ina gceantair.
Cháin iar-aire Lánpháirtíochta agus ceannaire an Chomhaontais Ghlais Roderic O’Gorman tuairimí an Uasail Harris.
Dúirt sé gur cuireadh foireann rannpháirtíochta pobail ar bun chun eolas soiléir agus freagraí a sholáthar do phobail.

Agus dúirt sé gur thionóil sé ‘na céadta caidreamh le hionadaithe tofa agus le pobail ar fud na tíre, le 18 mí anuas’.
Dúirt sé go raibh ról tábhachtach aige maidir le hoscailt ionaid ar fud na tíre.
Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne go bhfuil gealltanas sa Chlár don Rialtas an fhoireann rannpháirtíochta pobail a leathnú.
Dúirt sé freisin go laghdódh sé úsáid na n-óstán d’iarrthóirí tearmainn agus go n-úsáidfí tailte an Stáit chun áiseanna cuí faoi úinéireacht an Stáit a fhorbairt.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.