

Is é an aiste bia (diet) is fearr don tsláinte ná an ceann ina bhfuil tú sláintiúil, hiodráitithe (hydrated) agus ag maireachtáil do shaol is fearr.

Ach fós déanann go leor daoine iarracht brú a chur orthu féin. Ach an oibríonn sé i ndáiríre?
Go ginearálta, is aiste bia é an troscadh eatramhach (Intermittent Fasting) a bhaineann le tréimhse ag ithe agus tréimhse troscadh (rud a chiallaíonn nach bhfuil aon bhia ar bith ann ar feadh tamaill).
‘Tá go leor díospóireachta inár bpobal taighde faoi seo,’ a dúirt Courtney M Peterson, PhD, ollamh cúnta i Roinn na nEolaíochtaí Cothaithe in Ollscoil Alabama i mBirmingham sna Stáit Aointaithe.
‘Cé mhéad buntáistí a bhaineann le troscadh eatramhach díreach toisc go gcabhraíonn sé le daoine níos lú a ithe?
‘An bhféadfá na tairbhí (benefits) céanna a fháil le laghdú ar an méid céanna calaraí?’
Agus tá míbhuntáistí ann, dar le taighdeoirí.

B’fhéidir gurb é ithe le srianta ó thaobh ama de an modh troscadh is éasca agus is coitianta i dtaobh an tsláinte de.
Cuireann sé srian ar ithe go tréimhsí ama áirithe gach lá, abair 11 ar maidin go dtí 7 san oíche.
Is gnách go mbíonn an tréimhse troscadh thart ar 12 uair an chloig nó níos mó. Ach caitear cuid den am sin ag codladh thar oíche.
Is eol don chuid is mó daoine an troscadh tréimhsiúil: gan aon bhia nó deochanna le calraí ar feadh tréimhsí 24 uair an chloig.
Éilíonn cineál eile troscadh, malartach laethúil, laghdú mór ar chalraí gach lá eile.
Ar deireadh, éilíonn an modh 5:2 troscadh ar dhá lá neamhleanúnacha sa tseachtain.
Fuair staidéar sláinte amháin amach nach raibh mórán maitheas leis an aiste bia teoranta ó thaobh ama agus bhain míbhuntáiste eile leis: caillteanas matán.
Chomh maith leis sin, i staidéar sláinte a rinneadh ar 150 duine fásta murtallach (obese) thar thréimhse 50 seachtaine, ní raibh aon bhuntáiste breise meáchain caillteanas ag baint le troscadh dhá lá sa tseachtain, thar ghnáth-aiste bia.
Tá sé deacair é sin a dhéanamh freisin, mar sin tá an ráta éirigh as an-ard.
Ach bíonn gnáth aistí bia deacair do dhaoine áirithe fiú má tá siad go maith i dtaobh an tsláinte de.

‘Tá deacrachtaí móra ag daoine áirithe le monatóireacht a dhéanamh ar a n-itheann siad agus faire a choinneáil ar an mbia a itheann siad gach lá,’ a dúirt Krista Varady Ph D, ollamh le cothú in Ollscoil Illinois i Chicago.
‘Mar sin mura n-oibríonn srian laethúil calraí duit, b’fhéidir go mbeadh an troscadh malartach beagán níos éasca.’
Chomh maith leis sin, níl foirmeacha éagsúla troscadh comhionann, go páirteach toisc go bhfuil cuid acu níos éasca ná a chéile ach an bhfuil siad níos fearr i dtaobh an tsláinte de?
Ach freisin toisc go bhfuil cineálacha áirithe troscadh ag teacht le rithim ‘circadian’ nádúrtha ár gcorp, rud a íslíonn leibhéil inslin, ag méadú hormóin dó saille agus ag laghdú goile.
Mar sin má tá tú ag iarraidh meáchan a chailleadh agus gur fuath leat calraí a chomhaireamh, b’fhéidir go smaoineofá ar an troscadh, mar go dtugann an dá mhodh tairbhí meáchain caillteanas comhchosúla.
Mar sin, is é an aiste bia is éifeachtaí an ceann is féidir leat cloí leis agus tú fós ag maireachtáil do shaol is fearr.
Dúirt an Dr Peterson go mbíonn sé ró-dheacair de ghnáth troscadh iomlán gan calraí a choinneáil.

‘B’fhéidir go gcloíonn daoine leo go gearrthéarmach, ach bíonn ocras orthu san fhadtéarma,’ a dúirt sí.
Ach má tá tú ag troscadh creidtear gurb é idir 12 agus 18 uair an chloig an t-íosmhéid ama a thógann sé chun an troscadh a bheith éifeachtach i dtaobh an tsláinte de.
Ach féadann sé cúpla lá – uaireanta seachtainí – a ghlacadh chun troscadh go rialta chun do chorp a thosú ag dó saille mar bhreosla.
Tá sé seo amhlaidh toisc go bhfuil muid níos fearr ag próiseáil siúcra ar maidin ná san oíche.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.