Masla McGregor ar mhná na hÉireann

20/03/2025

Ní mór do mhná a bheith buartha faoin gcaoi a dtugtar ardán d’fhir ar nós Conor McGregor agus Donald Trump

Ní mór do mhná a bheith buartha faoin gcaoi a dtugtar ardán d’fhir ar nós Conor McGregor agus Donald Trump.

Do mhná sa bhliain 2025, bíonn orthu maireachtáil le faitíos leanúnach, imní uafásach agus an baol ann go bhféadfaí do chearta a bhaint uait gan rabhadh.

Is ionann é agus siúil abhaile san oíche le do chuid eochracha go daingean idir do mhéara, réidh le dóthain cosanta a thabhairt duit féin am ar bith.

Is ionann é agus an fhearg lasrach a mhothú gach uair a bhíonn bean eile maraithe ag a páirtí, agus níl ann ach staitistic eile.

McGregor le Trump
McGregor le Trump

Dé Luain seo caite, nuair a bhí muintir na hÉireann ag ceiliúradh, cuireadh fear as Baile Átha Cliath, a bhfuil a dhrochmheas aige ar mhná, ar ardán ag ceannaire mór domhanda.

Cén fáth nach raibh muid amuigh ar na sráideanna?

Ar Lá Fhéile Pádraig, tugadh McGregor ar thuras timpeall an Tí Bháin agus scaipeadh an físeán seo ar na meáin shóisialta.

Bhí crith i mo bholg agus eagla orm faoina bhfuil ag tarlú dár sochaí.

Is domhan é seo inar féidir le fear foréigneach ionsaí a dhéanamh ar bhean agus a bheith ina uachtarán fós.

Is domhan é inar féidir le polaiteoir ceapadh gur saoránaigh dara grád iad mná agus ní thugann aon duine aird air.

Is domhan é inar féidir polasaithe a rith a bhaint cearta bunúsacha ó mhná agus nach ndeirtear tada.

Tá cultúr fireann nimhnigh agus luachanna míshóisialta i lár an aonaigh i measc na hóige, agus ní dhéantar ach iad fhorbairt le himeacht ama de bharr fir ar nós McGregor agus Trump.

Idir 1996 agus an lá inniu, maraíodh 275 bean go foréigneach in Éirinn.

B’iad seo 275 bean le saol agus todhchaí a scriosadh toisc gur measadh iad mar dhaoine nach raibh chomh tábhachtach.

De réir taighde ó Noteworthy agus an European Data Journalism Network, tá líon na mban a dtáinig fulaingt orthu de bharr ionsaithe gnéis beagnach trí oiread ná an meán i dtíortha an AE.

Sa bhliain 2022, thuairiscigh 34 bean as gach 100,000 in Éirinn gur éigniú iad.

Céard a deir na staitisticí seo fúinn mar shochaí? Céard a deir siad faoina gcaoi a bhfuil fir óga á dtógáil againn? An bhfuil laochníos fearr againn le tabhairt do na fir óga ná Conor McGregor?

Tá polaiteoirí na hÉireann tar éis díospóireacht fhiúntach a bheith acu ar iompar McGregor agus a chuid cainte gráin, ach conas is féidir linn smacht a ghlacadh ar ár dtír arís ón gcultúr nimhneach seo?

Conas a thabharfaimid onóir dóibh siúd a chaill a saoil róluath?

Níl an freagra agam faoi láthair, ach táim cinnte nach féidir linn fanacht.

Má bhíonn Conor McGregor i ndáiríre le feiceáil ardán idirnáisiúnta, agus ní aisling ghangaideach é, leanfaidh mé orm mo chuid eochracha a choinneáil idir mo mhéara, go dtiocfaidh an lá a mhothaímid sábháilte arís.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram