McGregor gan eolas: Níl clú aige faoin gcoireacht in Éirinn, a deir na gardaí

19/03/2025

Cuireann na Gardaí na figiúirí cruinn ar fáil maidir le coireacht agus sábháilteacht in Éirinn tar éis do McGregor éilimh bhréagacha a dhéanamh sa Teach Bán

Cháin Gardaí tráchtanna ‘gan eolas’ atá déanta ag Conor McGregor faoi rátaí coireachta sa tír seo.

Labhair siad amach tar éis dó a rá ag an Teach Bán go bhfuil Baile Átha Cliath mar cheann de na cathracha is contúirtí san Eoraip.

McGregor le Donald Trump
McGregor le Donald Trump

Ar lá a chuir iontas ar an Rialtas, tugadh McGregor ar thuras timpeall na n-oifigí is airde i Meiriceá.

Chaill an trodaire cás sibhialta faoi líomhain éignithe san Ard-Chúirt roimhe seo, cás a thóg Nikita Hand, atá 35 bliain d’aois.

Nuair a fiafraíodh de na gardaí faoi thráchtanna an trodaí dúirt urlabhraí nach dtabharfaidís freagra ar ‘thuairimí nach bhfuil cruinn ó thríú páirtithe,’ ach bhí sí sásta fianaise oifigiúil a thabhairt amach.

Dúirt sí go bhfuil Éire sa dara háit ar fud an domhain, díreach taobh thiar don Íoslainn, de réir an ‘Global Peace Index’.

Le Nigel Farage
Le Nigel Farage

Chomh maith leis sin, tá Éire sa tríú háit déag ar domhan sa chatagóir shonrach ‘Sábháilteacht agus Slándáil Shochaí’.

Ag labhairt dó Dé Luain, dúirt McGregor gur theastaigh uaidh a imní faoin inimirce in Éirinn a chur in iúl do Donald Trump.

Tá sé ráite aige cheana féin go bhfuil sé ag smaoineamh seasamh don uachtaránacht in Éirinn.

Chuir sé an milleán ar an Rialtas, ag maíomh go raibh siad ‘gan aon ghníomh agus gan aon chuntasacht’.

Casadh McGregor leis an Rúnaí Sláinte Meiriceánach Robert Kennedy agus rinne sé turas ar an bPentagon chun bualadh leis an Rúnaí Cosanta Pete Hegseth.

D’fhógair Roinn Hegseth go raibh sé agus McGregor ag plé ‘a chaoi atá Meiriceá agus Éire araon ag streachailt leis na tionchair a bhaineann le hinimirce neamhdhleathach’.

D’fhág an chuairt seo go leor polaiteoirí Éireannacha trína chéile.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris nach raibh tráchtanna McGregor fíor agus nach raibh sé ag ionadaíocht ar son na tíre.

Chuir an tAire Airgeadais Paschal Donohoe leis an gcáineadh, ag rá gur ‘thit a chroí’ nuair a chonaic sé an trodaí ag an Teach Bán.

Ag teacht amach as an gcúirt tar éis dó an cás sibhialta san Ard-Chúirt a thóg Nikita Hand a chailleadh
Ag teacht amach as an gcúirt tar éis dó an cás sibhialta san Ard-Chúirt a thóg Nikita Hand a chailleadh

Nuair a fiafraíodh de McGregor faoin gcáineadh seo, d’éiligh sé go bhfuil sé ina fhostóir do bheagnach 300 duine in Éirinn, agus mhaígh sé go bhfuil an Taoiseach ‘ina fhostóir do dhuine amháin’.

Dúirt sé: ‘Náire air, as a bheith ag caitheamh anuas ar Éireannach. Ní labhróidh mé go pearsanta faoi, ní thabharfaidh mé buille dó, ach d’fhéadfainn, d’fhéadfainn go héasca’.

Tá an eachtra seo tar éis aird idirnáisiúnta a tharraingt ar an tír.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram