

Tá polaiteoirí sinsearacha ag teacht le chéile chun tionscal uisce beatha na hÉireann a shábháil ón ‘léirscrios a tharlóidh’ mar thoradh ar na taraifí atá Donald Trump ag tabhairt isteach.
Deir go leor cuideachtaí ar fud na hÉireann gurb iad na taraifí an ‘bhagairt is mó ó bhí an Cosc ar Alcól ann’.
Faoi láthair, onnmhairítear luach níos mó ná €800 milliún d’alcól na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe, lena n-áirítear €450 milliún d’uisce beatha.
Cuirfear isteach go dona ar sin mar thoradh ar phleananna an Uachtaráin Donald Trump taraifí ar tháirgí Eorpacha a thabhairt isteach.
Thug an Taoiseach Micheál Martin rabhadh gur ‘cheist an-tromchúiseach’ é bagairt na dtaraifí.
Agus dúirt Feisire Eorpach Theas na hÉireann, Michael McNamara, go bhfuil baol mór ann mar gheall ar na taraifí.
Thug sé rabhadh go mbeidh ‘táirgeoirí neamhspleácha i mbaol go hiomlán’. Agus dúirt sé go mbeidh tionchar ar phoist áitiúla agus ar thionscal na turasóireachta.
Tá sé ráite ag foinsí laistigh den tionscal uisce beatha go scriosfar na táirgeoirí beaga uisce beatha neamhspleácha.
Dúirt foinse amháin: ‘Is ó Mheiriceá a thagann an brabús ar fad. Tá uisce beatha na hÉireann i mbaol.
‘Ní fhaigheann an chuid is mó de na táirgeoirí beaga mórán ar a ndíolachán in Éirinn, san AE nó sa Bhreatain. I gcodarsnacht leis sin, is as Meiriceá a thagann brabús 40% dúinn.
‘Dúnfar go leor drioglann (distillery). Is buille ollmhór é don tionscal.’
Dúirt Peter Cooney, stiúrthóir díolacháin easpórtála le Boann Distillery, a bhfuil oibríochtaí acu i nDroichead Átha agus i gCluain Meala, go dtagann níos mó ná trian dá ioncam ó dhíolacháin SAM.
‘Buíochas le Dia, níl ann ach 35% dár ngnó, ach is píosa mór é fós. Is margadh tábhachtach é mar is é an margadh is mó ar domhan é.’

Dúirt an tUasal Cooney: ‘Ní allmhaireoidh aon allmhaireoir uisce beatha le taraif 200% atá ar tí tarlú… Is cinnte go gcuirfidh aon taraifí a ghearrtar isteach ar phoist, agus teipfidh ar chuideachtaí.’
D’iarr Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil, Barry Cowen, go ndéanfaí ‘idirphlé práinneach’ ar fud na hEorpa.
Ag labhairt dó ar Raidió RTÉ, dúirt Brad Setser, comhalta sinsearach ar Chomhairle Chaidreamh Eachtrach na Stáit Aontaithe, go bhfuil Éire ‘faoi bhagairt uathúil ag taraifí mar tá sí ag brath ar infheistíocht dhíreach choigríche.’
Dúirt sé: ‘Tá todhchaí shláintiúil ag Éirinn ach ní mar ionad cánach mar sin beidh gá le hathruithe in Éirinn.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.