Slushies: Ná tabhair do leanaí atá faoi ocht mbliana d’aois iad

17/03/2025

Fuair páistí tinnis cinn agus bhí fonn múisce orthu sular tháinig laghdú ar a leibhéal siúcra fola tar éis ‘Slushie’

Déanann deochanna ‘Slushie’ dochair do shláinte pháistí faoi 8 mbliain d’aois dar le saineolaithe

Níor chóir na deochanna seo a thabhairt do na páistí dar le taighde a rinneadh i gColáiste na hOllscoile, BÁC.

Deir grúpa saineolaithe gur féidir le ceann de na comhábhair sna deochanna slushie ‘nimhiú gliocról’ (glycerol intoxication) a spreagadh.

Chuir na taighdeoirí rabhadh amach nuair a rinne siad athbhreithniú ar 21 duine óg sa rannóg éigeandála nuair d’ól siad ‘slushie’ le gliocról istigh ann.

I ngach cás, fuair na páistí tinnis cinn agus bhí fonn múisce orthu sular tháinig laghdú ar a leibhéal siúcra fola.

Déanann deochanna ‘Slushie’ dochair do shláinte pháistí faoi 8 mbliain d’aois
Déanann deochanna ‘Slushie’ dochair do shláinte pháistí faoi 8 mbliain d’aois

Is cineál alcól nádúrtha é gliocról – baintear úsáid in ionad siúcra i ndeochanna ‘slushie’ agus ní reonn an deoch de bharr.

Nuair a shroich na páistí idir 2 agus 7 mbliain d’aois an rannóg éigeandála fuair siad diagnóis le haghaidh hipiglicéime (hypoglycaemia) – siomptóm a chuireann isteach go mór ar dhaoine le diaibéiteas.

Moltar do thuismitheoirí cheana féin nár chóir dóibh deochanna mar ‘slushie’ le gliocról a thabhairt do pháistí faoi cheithre bliana d’aois.

Moltar freisin nár chóir níos mó ná deoch ‘slushie’ amháin le gliocról a thabhairt do pháistí idir cúig agus deich mbliana d’aois.

Áfach, deir taighdeoirí anois san iris ‘Archives Of Disease In Childhood’ gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar na moltaí seo.

Dúirt na taighdeoirí as Coláiste na hOllscoile, BÁC, ‘Ba cheart go mbeadh tuismitheoirí ar an eolas faoin bhfeiniméan seo le ‘slushie’, agus ba chóir d’eagraíochtaí poiblí sláinte a chinntiú go mbeidh teachtaireachtaí sláinte ar fáil gur chóir do pháistí óga deochanna fuara le gliocról a sheachaint.’

Tháinig biseach ar na 21 páiste a ghlac páirt sa staidéar agus tugadh cead dóibh imeacht ón ospidéal.

Dúirt na taighdeoirí freisin, ‘nach gcuireann na deochanna leis an tsláinte’ agus ‘nach moltar iad le haiste bia shláintiúil a bheith ag duine.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram