

Tháinig méadú ar fhadhbanna sláinte intinne tar éis a dhún scoileanna de bharr na paindéime, agus tá níos mó daltaí ná riamh ag ‘diúltú’ freastal ar scoil, dar le tuairisc ón Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.
Bhí an méadú is mó le feiceáil i gceantair bochta agus ceantair ionchathracha. Rinne an staidéar anailís ar an méid daltaí a bhí as láthair ón scoil níos mó ná 20 uair i rith na bliana acadúla.
Tháinig méadú ollmhór ar an neamhláithreachas i scoileanna i gceantair thuaithe agus uirbeacha araon, agus i scoileanna a raibh stádas ‘DEIS’ agus i scoileanna nach raibh an stádas sin ann.
Dúirt an tuairisc go raibh ‘figiúirí tinrimh, folláine agus rannpháirtíocht na ndaltaí i bhfad níos measa de bharr na paindéime.’

Chuir an tuairisc suirbhé ar 99 comhordaitheoir atá ag obair leis an gClár Críochnaithe Scoile. Tugann an clár seo tacaíocht do dhaltaí bunscoile agus meánscoile atá i mbaol éirí as an scoil, agus clúdaíonn sé 629 scoil agus 203,185 daltaí.
Thug an suirbhé le fios gur thuairiscigh 86% de na comhordaitheoirí go raibh tinreamh níos measa ná mar a bhí roimh an phaindéim (dúirt 50% go raibh sé níos measa agus dúirt 36% go raibh sé i bhfad níos measa).
Thuairiscigh 89% dóibh go raibh folláine na ndaltaí níos measa (dúirt 56% go raibh sé níos measa agus dúirt 33% go raibh sé i bhfad níos measa).
Freisin, tuairiscigh 72% dóibh go raibh rannpháirtíocht na ndaltaí tar éis éirí níos measa (dúirt 56% go raibh sé níos measa agus dúirt 16% go raibh sé i bhfad níos measa).
Dúirt comhordaitheoir amháin le na taighdeoirí, ‘Tá tú ag iarraidh páistí a choinneáil ar scoil nó iad a mhealladh chuig an scoil, cé go bhfuil imní orthu, nó tá faitíos orthu dul ar scoil mar tá taithí acu a bheith sa bhaile ina seomraí codlata i rith Covid.’
Mar chuid de na rialacha a tháinig isteach chun srian a chur ar Covid-19, dúnadh scoileanna faoi dhó i rith na paindéime.
Dúirt an tuairisc freisin gur athraigh an phaindéim an meon a bhí ag neart tuismitheoirí agus daltaí maidir leis an tábhacht a bhain le tinreamh scoile.
Luaigh an-chuid baill foirne freisin go raibh imní agus fadhbanna shláinte intinne eile níos coitianta i measc páistí óga ná mar a bhí riamh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.