

Beidh toghchán eile ar siúl i mbliana – agus cheana féin tá sé ag cur imní ar na hairí sa Rialtas agus tá an freasúra á lua daoine mar Catherine Connolly agus Róisín Shortall.
Tá Fianna Fáil agus Fine Gael i gcumhacht arís ach tá airí sa Rialtas ag admháil anois go raibh na figiúirí tithíochta a bhí acu mícheart agus tá daoine ag fulaingt fós de bharr an costas ard maireachtála.

Is cúis imní iad na pobalbhreitheanna freisin. Dar le pobalbhreith Ireland Thinks don Sunday Independent, bhí FF agus FG araon ar 22%.
Le blianta beaga anuas, bhí guth láidir ag Michael D Higgins a bhí neamhspleách ón Rialtas agus ba mhinic a chuir sé seo isteach ar airí.
Áfach, i measc lucht na vótála tá níos mó tacaíochta ann do thuaraimí ailtéarnacha.
Tá an-chaint ar siúl faoi Roisín Shorthall faoi láthair. D’éirigh léi 32% a fháil sna pobalbhreitheanna le déanaí.
Áfach, creideann tráchtairí polaitíochta go bhfuil Catherine Connolly ag fáil neart tacaíochta ar an eite chlé freisin.
Cinnte, bheadh sí in ann dul i ngleic leis na coimeádaigh, ardnósacha ar chúlbhinsí an Rialtais.
Chualathas Teachta amháin ón Rialtas ag rá gur b’fhearr leis dá mbeadh an tríú téarma tugtha do Michael D ná ‘a bheith ag éisteacht le bean chaointe na Gaillimhe ar feadh 14 bliain.’
Cé go dtaitneodh ráitis mar sin le cuid de lucht tacaíochta an rialtais, i ndáiríre spreagfadh sé níos mó daoine tacaíocht a thabhairt do Connolly.
Tá imní ar lucht an rialtais go bhféadfadh Connolly beart a dhéanamh de réir a briathair agus go mbeadh sí níos fuinniúla ná Michael D mar tá sí 30 bliain níos óige ná an t-Uachtarán.
B’fhearr leo dá éigean sa ról a bheadh ag iarradh Áras an Uachtaráin a athrú go hÁras na n-Aosach.
I bhFianna Fáil tá fadhb ar leith ag Micheál Martin maidir leis an Uachtaránacht – Bertie.
Dúirt foinse amháin ón bpáirtí: ‘Tá imní ar Mhicheál roimh Bertie de bharr go raibh Michael Lowry agus an Fiosrúchán Moriarty i mbéal an phobail le déanaí.’
Luaigh daoine áirithe go bhféadfadh an Taoiseach Cynthia Ní Mhurchú a mholadh don ról, bheadh an coimhling idir sise agus Connolly suimiúil.

Tá brú freisin ar Shinn Féin agus Fine Gael. Níor éirigh go rómhaith le na páirtithe seo sna toghcháin Uachtaránachta.
Tá Mairéad McGuinness, Frances Fitzgerald agus Heather Humphries luaite go bhféadfadh Fine Gael a roghnú.
Áfach, deir foinsí go bhféadfadh FF agus FG sásta Michael McDowell a roghnú de bharr gur duine ‘cúramach’ é a thuigeann cúrsaí bunreachtúla.
Ach beidh imní ar McDowell agus seans go bhfuil sé breá sásta a bheith sa Seanad agus mar abhcóide sinsearach.
Tuigeann sé freisin go bhfuil lucht an Rialtais ag iarraidh réiteach a fháil ar an ‘bhfadhb’ a bhaineann le Michael D, ach ní bhreathnaíonn an gnáthphobal ar an bpolaiteoir is mó le rá sa tír mar fhadhb, agus an mbeidh sé mar an gcéanna le Connolly?
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.