

Cé go raibh a lucht leanúna ag tnúth go mór le Cillian Murphy a fheiceáil ag na hOscars, ní raibh sé soiléir ar éirigh leis LA a bhaint amach in aon chor fiú.
Tugadh cuireadh do Cillian freastal ar shearmanas na n-Oscars i mbliana, ach nuair a shiúil gach duine suas an cairpéad dearg, ní raibh Murphy le feiceáil in áit ar bith.
Áfach, nuair a bhí an gradam don Aisteoir is Fearr á bhronnadh, chuir Conan é i láthair don lucht féachana agus ar ndóigh bhí an Corcaíoch le feiceáil ar stáitse.

Bhí an chuma ar an scéal go ndearna Murphy dearmad ar na hOscars, mar ní raibh sé le feiceáil ar an gcairpéad dearg.
Ar na meáin shóisialta bhí go leor daoine ag caint faoi seo agus dúirt duine dá lucht leanúna, ‘Bhí mé ag suí mar amadán sa seomra suí ar feadh ceithre huaire an chloig, ag fanacht ar Cillian Murphy agus tháinig sé amach díreach nuair a bhí mé sa leithreas.’
D’éirigh le Adrien Brody an Oscar a bhuachan dá ról sa scannán The Brutalist, agus nuair a chaith sé a ghuma coganta uaidh sula ndeachaigh sé ar stáitse lena ghradam a bhailiú, cheap daoine go raibh sé chun póg mór millteach a thabhairt do Murphy, mar a rinne sé le Halle Berry i 2003.
Ní dhearna sé áfach le Murphy, ach nuair a chas Halle Berry ar Adrien ar an gcairpéad dearg i mbliana, chrom sí a ceann le póg a thabhairt dó.
Dúirt sí le Marc Malkin ó Variety: ‘Bhí oíche den chéad scoth aige agus mise freisin agus fuair mé díoltas uaidh.
‘Chonaic mé é ag cóisir, ach seo an chéad uair go bhfaca mé é ar an gcairpéad dearg áit ar bith ó nuair a bhí an oíche sin ann. D’éirigh leis ainmniúchán a bhaint amach, bhí sé tuilte go maith aige.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.