Laochra na hÉireann ar ais don chluiche mór i gcoinne Les Blues

06/03/2025

An mbeidh fadhb ag foireann na hÉireann in aghaidh na Fraince le Hansen, Furlong agus Ringrose as láthair

Beidh ceathrar réalta ar fáil arís d’fhoireann na hÉireann nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar an bhFrainc ag an deireadh seachtaine.

 Ag an am céánna beidh fadhb nó dhó ag foireann na hÉireann mar bheidh beirt imreoir thábhachtacha in easnamh.

Laochra na hÉireann: Caelan Doris agus Peter O’Mahony
Laochra na hÉireann: Caelan Doris agus Peter O’Mahony

Bhí sos coicíse ag na hÉireannaigh tar éis a d’éirigh leo an bua a fháil i gcluiche dúshlánach i gcoinne na Breataine Bige i gCardiff, agus thug sé seo seans d’imreoirí áirithe a bhí gortaithe teacht ar ais.

Áfach, deimhníodh nach mbeidh Tadhg Furlong ar fáil agus tá Garry Ringrose ar fionraí de bharr an chárta dearg a fuair sé i gCardiff.

Faraor, beidh Mack Hansen in easnamh freisin de bharr gur gortaíodh é le déanaí.

Ciallaíonn sé seo go mbeidh Jamie Osborne ag fanacht san fhoireann  ach beidh sé ag imirt i ngeansaí uimhir 14.

Áfach, tá neart eile ag teacht ar ais, an captaen Caelan Doris ina measc.

Ní raibh Doris ar fáil coicís ó shin don chluiche i gcoinne na Breataine Bige ach tá an chuma ar an scéal go mbeidh sé réidh aghaidh a thabhairt ar ‘Les Bleus’.

Beidh Bundee Aki le feiceáil i lár na páirce chomh maith, cé go raibh sé ar an mbinse an uair dheireanach do fhoireann na hÉireann – áfach, bhí an-tionchar ag an gConnachtach ar an gcluiche i gCardiff.

Beidh Finlay Bealham agus Hugo Keenan ag teacht ar ais d’fhoireann na hÉireann freisin in éindí le Peter O’Mahony.

Seo an uair dheireanach go mbeidh O’Mahony le feiceáil i ngeansaí glas i mBÁC mar tá sé ag éirí as ag deireadh an tséasúir in éindí le Cian Healy agus Conor Murray a bheidh ar an mbinse.

Beidh an cluiche spleodrach seo le feiceáil ar RTÉ 2 agus cuirfear tús leis 2.15in tráthnóna Dé Sathairn.

Foireann na hÉireann

Hugo Keenan; Jamie Osborne, Robbie Henshaw, Bundee Aki, James Lowe; Sam Prendergast, Jamison Gibson-Park; Andrew Porter, Dan Sheehan, Finlay Bealham; Joe McCarthy, Tadhg Beirne; Peter O’Mahony, Josh van der Flier, Caelan Doris (c)

Fir Ionaid, fhoireann na hÉireann: Rob Herring, Cian Healy, Thomas Clarkson, James Ryan, Ryan Baird, Jack Conan, Conor Murray, Jack Crowley

Foireann na Fraince

Jean-Baptiste Gros, Peato Mauvaka, Uini Atonio , Thibaud Flament , Mickaël Guillard, François Cros, Paul Boudehent, Grégory Alldritt, Antoine Dupont (c), Romain Ntamack, Louis Bielle-Biarrey, Yoram Moefana, Pierre-Louis Barassi, Damian Penaud, Thomas Ramos

Fir Ionaid, fhoireann na Fraince: Julien Marchand, Cyril Baille, Dorian Aldegheri, Emmanuel Meafou, Hugo Auradou, Oscar Jego, Anthony Jelonch, Maxime Lucu


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

Faigh Nuachtlitir ExtraG.ie gach lá.

Cliceáil anseo

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram