

Ar deireadh thiar thall tá sé ag teacht! Beidh Coimisinéir Gaeilge ó Thuaidh agus bunófar Oifig Choimisinéara Gaeilge chomh maith.
Bhí ar na Náisiúin Aontaithe brú a chur ar an rialtas ó Thuaidh Coimisinéir a cheapadh, agus Aontachtaithe ag cur i gcoinne na Gaeilge le fada an lá.
Áfach, mar atá ráite ag Uachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, tá an cinneadh seo mar thoradh freisin ar na ‘mílte Gael a shiúil bóthar fada, a sheas an fód, a tháinig amach chun sráide, agus a thug dúshlán an stáit arís agus arís eile fríd na blianta’.

Dúirt an Dream Dearg ar ‘X’ gur ‘fhorbairt stairiúil’ a bhí ann, cé go ndúirt ‘cuid mhór nach dtarlódh sé riamh’.
‘Tréaslaímid le gach duine a shiúil, a throid linn agus a sheas an fód. Comhghairdeas libh ar fad’ a dúirt siad.
Trí bliana ó shin, chuir Parlaimint na Breataine an tAcht Féiniúlachta agus Teanga 2022 i bhfeidhm.
De réir an Acht, caithfear Coimisinéir don Ghaeilge agus don Ultais a cheapadh – ach níor tharla sé. Tharraing sé seo cáineadh ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúir.
Cháin an coiste freisin an ‘maoiniú neamhleor’ a chuireadh ar fáil do chúrsaí cultúrtha agus teanga ó Thuaidh.
Tar éis brú ó na Náisiúin Aontaithe d’fhógair an Feidhmeannas i Stormont go gcuireadh siad tús leis an bpróiséas Coimisinéir Gaeilge a cheapadh.
De réir na reachtaíochta, caithfidh an Chéad agus Leas-chéad Aire a bheith ar aon ghuth leis tús a chur leis an bpróiseas seo.
Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil comhaontú ar leith ann, agus cuirfear tús anois le comórtas earcaíochta poiblí, próiséas a mhairfidh suas le 6 seachtaine.
Tá ról an Choimisinéara Teanga ó dheas an-tábhachtach d’fhorbairt na Gaeilge, go háirithe maidir le caighdeáin a bhunú agus a chothabháil do chomhlachtaí poiblí.
Dúirt an Chéad Aire Michelle O’Neill: ‘Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil an próiseas ceapacháin do Choimisinéir na Gaeilge agus do Choimisinéir Ultaise á sheoladh.
‘Tá siad lárnach do sheachadadh an Achta Féiniúlachta agus Teanga agus ba mhaith liom fáilte a chur roimh an dul chun cinn ar an gceist seo.
‘Táim tiomanta do shaibhreas agus éagsúlacht ár dteangacha agus ár gcultúr a thacú, a cheiliúradh agus a chur chun cinn.’
Dúirt an Leas-chéad Aire Emma Little-Pengelly: ‘Is iad na ceapacháin seo an chéad chéim eile maidir le bunú na gcomhlachtaí féiniúlachta agus teanga nua.
‘Ba mhaith linn a oiread iarratas agus is féidir a spreagadh chun na deiseanna a chuirtear ar fáil chun tacú lenár n-oidhreacht shaibhir agus lenár bhféiniúlacht a uasmhéadú.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.