An aimsir Dé Máirt: Tirim ach ag éirí athraitheach, a deir Met Éireann

An aimsir: Le naisc (links) chuig nuashonruithe (updates) ar líne

An aimsir i gcoitinne: Beidh sé tirim ar feadh tréimhse, ach ag éirí athraitheach le ceathanna níos déanaí sa tseachtain agus isteach i dtús an deireadh seachtaine. Beidh aimsir chineálta agus an-chineálta ag an deireadh seachtaine.

An aimsir don Mháirt

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Beidh an Mháirt tirim go príomha le ‘tréimhsí geala nó grianmhara, an chuid is fearr acu seo i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan.

Beidh sé níos scamallaí i gCúige Chonnacht agus Uladh.

Sa tráthnóna beidh roinnt báisteach san iarthuaisceart. Teochtaí is airde de 9 go 13 céim den chuid is mó le gaotha ó dheas measartha, níos úire san iarthar agus san iarthuaisceart.

Beidh oíche Dé Máirt scamallach don chuid is mó le beagán báistí agus ceobhrán ag bogadh isteach i gCúige Uladh agus Chonnacht.

Beidh sé tirim in áiteanna eile, agus is dócha go mbeidh cúpla sos soiléir níos faide ó dheas.

Beidh na teochtaí is ísle ó 4 chéim san oirdheisceart go 9 gcéim san iarthar agus san iarthuaisceart. Gaotha measartha ón iardheisceart, níos láidre i gcodanna cósta an iarthair agus an iarthuaiscirt.

An aimsir don Chéadaoin

Beidh go leor scamall i gCúige Chonnacht agus Uladh, le beagán báistí agus ceobhrán go luath sa lá, ach is gnách go n-imíonn sé sin ar maidin. Seachas sin beidh sé tirim agus beidh ‘tréimhsí maith gréine i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean.

Roinnt ‘tréimhsí geal nó grianmhara níos faide ó thuaidh níos déanaí sa lá.

Teochtaí is airde de 10 go 14 céim le gaoth measartha go húr ó dheas go dtí an t-iardheisceart, níos láidre arís i gcodanna cois cósta an iarthair agus an iarthuaiscirt.

Oíche Dé Céadaoin: Beidh sé tirim oíche Dé Céadaoin le meascán de scamall agus roinnt tréimhsí soiléir.

Seans go mbeidh beagán báisteach éadrom agus ceobhrán i gcodanna cois cósta an iarthuaiscirt agus tosóidh scamall ag méadú ón deisceart thar oíche, le cúpla cith i gceantair theas.

An teocht is ísle de 3 go 8 gcéim agus na gaotha ag laghdú go measartha ó dheas den chuid is mó, ach beidh siad úr go láidir i gcodanna cósta an iarthair agus an iarthuaiscirt.

Foclóir aimsire

Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast

Drochaimsir = Bad weather 

Báisteach = Rain

Ceo = Fog

Ceobhráin = Mist or drizzle

Brádán báistí = Drizzle

Múraíl báistí = Showers of rain

Sneachta = Snow

Flithshneachta = Sleet

Clocha sneachta = Hailstones

Faoi bhun an reophointe = Freezing

Sioc = Frost

Tréimhsí Gréine = Sunny spells

Ráigeannaí báistí = Bursts of rain

An ghaoth aduaidh = The wind from the north

An ghaoth aneas = The wind from the south

An ghaoth aniar = The wind from the west

An ghaoth anoir = The wind from the east

An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest 

An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

Faigh Nuachtlitir ExtraG.ie gach lá.

Cliceáil anseo

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram