Michael Murphy ar ais le scéal an ghrá

28/02/2025

Tá áthas ar lucht tacaíochta peile Dhún na nGall go bhfuil MIchael Murphy ach cad a cheapann a bhean óg ar an gcluiche?

Tá sceitimíní ar lucht leanúna Dhún na nGall i mbliana mar tá Michael Murphy ag filleadh ar pháirc na himeartha arís leis an ngeansaí glas agus ór a chaitheamh.

I 2022, d’fhógair Michael go mbeadh sé ag éirí as an bpeil tar éis 15 bliain, rud a chur díomá ar neart daoine sa chontae.

Bhíodh sé aitheanta mar cheann de na himreoirí ab fhearr as Dún na nGall, ach bhí Michael le feiceáil arís i mbliana ag tabhairt aghaidhe ar sheaimpíní na hÉireann, Ard Mhacha.

MichaelMurphy agus Annie
MichaelMurphy agus Annie

Geallta

Sular sheas sé siar ó fhoireann an chontae, tharla rud tábhachtach eile do Michael ag tús 2022 – d’iarr sé ar a chailín Annie é a phósadh.

Chrom an peileadóir clúiteach síos ar a leathghlúin Lá Nollaig leis an gceist a chur agus ní raibh Annie bocht ag tnúth leis in aon chor.

Scaip an lánúin an dea-scéal ar na meáin shóisialta le pictiúr gleoite.

Saol pósta

Phós an lánúin, agus cairde is a clainne in éindí leo, i gceann de na háiteanna is rómánsúla ar domhain – Flórans san Iodáil i 2023.

Chaith Annie gúna gearr álainn agus chaith Michael casóg ghlas dorcha in éindí le péire chino.  

Ag labhairt dó le RSVP i 2020, dúirt Michael go n-oibríonn an caidreamh de bharr go mbíonn siad in ann a spéiseanna féin a leanúint.

Ar ndóigh, ní bhíonn sí gafa leis an CLG sa chaoi chéanna is a bhíonn Michael.

‘Leanann sí na cluichí, ach ní bheadh sí gafa le Dún na nGall mar tá a cairde féin aici agus cuireann sí spéis i rudaí eile’, a dúirt sé.

‘Ar ndóigh bíonn sí i láthair ag na cluichí le tacaíocht a thabhairt don fhoireann agus na leaideanna.’

Nuair nach mbíonn sé i mbun traenála, bíonn Michael fós gafa leis an spórt mar tá sé mar cheannaire ar an Rannóg Spóirt in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i nDún na nGall.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram