

Thug Garron Noone le fios cén chaoi gur chruthaigh sé an frása ‘delicious’ ag a chuid físeán.
Tá os cionn 1.7m leantóirí ag an bhfear as Maigh Eo ar Instagram agus TikTok, agus ag deireadh gach físeán deir sé ‘Follow me, I’m delicious.’
Tá an frása théis clú agus cáil a bhaint amach in Éirinn agus i bhfad i gcéin. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar Stevie Nicks fiú agus ghlaoigh sí ‘Mr Delicious’ air i rith ceolchoirme.

Ach tá Garron théis a thabhairt le fios gurb ón spéir anuas a tháinig an frása clúiteach.
D’admhaigh Garron le déanaí nach raibh a chéad fhíseán thar a bheith spleodrach – ach nuair a bhí sé ag déanamh léirmheasa ar rollóg ispíní rith sé leis é a rá.
‘Ní raibh sé greannmhar nó spéisiúil,’ a dúirt Garron. ‘Mar sin dúirt mé go raibh mé chun rud éigean fánach a rá ag deireadh an fhíseáin agus dúirt mé “follow me, I’m delicious”.’
Ní raibh clú ag Garron go gcuideodh an frása sin leis clú agus cáil a bhaint amach ar na meáin shóisialta mar chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar dhaoine.
An mhí seo caite labhair sé faoi bheith ag fulaingt ó ‘agoraphobia’ dian, ag admháil nár fhág sé an teach lasmuigh de bheith ag obair ar feadh cúig bliana.
‘Thosaigh sé le taomanna scaoll (panic attacks) nuair a bhí mé 16 – bhí duine de mo chairde tar éis bás a fháil agus is ansin nuair a thosaigh siad,’ a mhínigh Garron ar an Late Late Show.
‘Agus d’éirigh siad níos measa le himeacht ama.
‘Ar deireadh tháinig [sé] chomh fada leis an bpointe nach raibh mé in ann an teach a fhágáil gan taom scaoill a bheith orm, agus mar sin chaith mé timpeall cúig bliana go hiomlán sa teach.
‘Ní raibh mé in ann dul go dtí an siopa, d’oibrigh mé i siopa gutháin – d’fhéadfainn dul ann agus taom scaoill a bheith orm ag an obair, ach ní dhearna mé rud ar bith eile. Gan saol sóisialta, gan tada,’ a deir Garron.
In ainneoin gur chreid sé nach raibh a shaol ag dul in áit ar bith, thug TikTok leas nua dó ar an saol.
‘Tá mé ag déanamh rudaí anois níor shíl mé riamh go mbeinn in ann a dhéanamh, mar a bheith ar an teilifís!
‘Is cuimhin liom nuair a bhí mé ag dul tríd sin, sílim go bhfuil imní mhór tar éis éirí i bhfad níos coitianta,’ ar sé. ‘Tá sé ar cheann de na rudaí sin nach mbíonn daoine ag caint faoi i ndáiríre mar go gcloíonn na daoine atá ag fulaingt leo féin.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.