Macron v Trump: Bhí Uachtarán na Fraince cairdiúil ach thug sé dúshlán d’éilimh Trump faoin Rúis

Tá seasamh láidir déanta ag Uachtarán Macron na Fraince ag tacú leis an Eoraip, leis an Úcráin agus i gcoinne Putin agus an Rúis

Tháinig Uachtarán Donald Trump agus Uachtarán Emmanuel Macron na Fraince le chéile Dé Luain – agus in ainneoin na dtuairimí cairdiúil ghlac Macron seasamh láidir i gcoinne Trump.

Léiríonn seasamh uachtarán na Fraince an teannas méadaitheach idir an Eoraip agus Meiriceá –  go háirithe maidir le déileáil Trump leis an Rúis san Úcráin.

Bhí sé ráite cheana féin ag feisirí Eorpacha go seasfaidh siad leis an Úcráin in aghaidh na Rúise, mar atá á dhéanamh acu le trí bliana, cothrom an tríú bliain ó ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Emmanuel Macron
Emmanuel Macron

Bhí Macron agus Trump cairdiúil lena chéile ach bhí uachtarán na Fraince cinnte gurb é an Rúis ba chúis leis an gcogadh trí ionradh a dhéanamh ar an Úcráin agus gur cheart an tsíocháin a bheith ann trí chomhaontú le ceannaireacht na hÚcráine.

Thug Trump níos mó tacaíochta d’uachtarán na Rúise Vladimir Putin.

Theip ar na Stáit Aontaithe freisin rún Eorpach a stopadh sna Náisiúin Aontaithe ag cáineadh ionsaí na Rúise san Úcráin.

Chuir an vóta náire ar go leor Meiriceánaigh mar cé gur vótáil na tíortha Eorpacha agus go leor tíortha eile san iarthar chun an Rúis a cháineadh as ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin trí bliana ó shin, bhí Meiriceánaigh ar an taobh céanna leis an Rúis, an Chóiré Thuaidh agus an Bhealarúis gan aontú leis an vóta.

Leanann an tUachtarán Trump ag caint leis an Rúis agus é ag déanamh neamhairde den Úcráin.

Dúirt sé: ‘Bhí cainteanna an-mhaith againn leis an Rúis. Bhí roinnt cainteanna an-mhaith againn le daoine eile, agus táimid ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh idir an Rúis agus an Úcráin.’

Mar sin féin, dúirt an tUachtarán Macron: ‘Ní bheadh géilleadh don Úcráin i gceist leis an tsíocháin seo. Níor cheart go gciallaíonn sé sos comhraic gan ráthaíochtaí. Caithfidh an tsíocháin seo ceannasacht na hÚcráine a cheadú.’

Donald Trump agus Vladimir Putin
Donald Trump agus Vladimir Putin

Agus cé go ndúirt an tUachtarán Macron gur cara é Trump, tháinig sé salach ar éilimh roimhe seo a rinne Trump.

Chuir sé an milleán ar Putin as an gcogadh, agus chuir Trump an milleán ar Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky; agus cé go bhfuil sé maíte ag Trump gur chaith Meiriceá trí oiread agus an Eoraip ar an gcogadh, dúirt Macron nach bhfuil sé sin fíor.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram