Denis Conway: Cad atá ar siúl ag Ian Doherty ar Ros na Rún ar TG4?

19/02/2025

Tá clú agus cáil ar Denis Conway as a róil i scannáin ar nós Brooklyn agus Michael Collins agus anois tá sé tagtha go Ros na Rún i ról mistéireach Ian Doherty. Labhrann sé le ExtraG.ie agus Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4FM

Fiú sular tháinig Denis Conway, bhí sé deacair súil a choinneáil ar na hathruithe gasta atá ar siúl ar Ros na Rún.

Ar dtús, tháinig Penny isteach, le Laura Heeney i ról an tionchaire le neart le rá. An bhfuil sí ag iarraidh Ros na Rún a athrú go Ros gan Rún? 

Agus anois tá Ian Doherty, fear céile Crystal, agus athair Cam, tagtha isteach, agus an t-aisteoir as Corcaigh Denis Conway sa ról. 

Denis Conway i ról Ian Doherty
Denis Conway i ról Ian Doherty

Bhí saol agus gairm bheatha suimiúil ag Denis go dtí seo agus labhair muid leis faoi sin agus faoina bhfuil i ndán do Ian Doherty.  

Is Gaeilgeoir den scoth é Denis cé nach Gaeilgeoir ó dhúchas é. 

Tagann sé ó An Teampall Geal (Whitechurch), atá deich míle ó chathair Chorcaigh, áit a bhfuil Gaeilge bhreá le cloisteáil ann ach bhí roinnt fadhbanna ag Denis leis sin agus é ag fás aníos. 

 ‘Thaitin an Ghaeilge liom. Dúirt m’athair liom roimh a bhás go raibh an timpeallacht sin mar bhreac Ghaeltacht go dtí na Caogaidí,’ a deir sé. 

‘So tá an “accent” as Béarla cosúil le hiarthar Chorcaí nó Chiarraí agus is dóigh liom go bhfuil sé sin bainte leis an nGaeilge. Bhí gach éinne ar scoil go maith ar an Ghaeilge. 

‘Bhí múinteoir againn ó Inis Oírr, is dóigh liom. Cheapas go raibh Gaeilge ó dhúchas aige. So yeah, thaitin an Ghaeilge liom agus ag gach éinne ansin actually.’

Ach is Béarla a labhair siad sa bhaile. 

‘So níl Gaeilge ó dhúchas agam. Tá mo Mháthair ó Manchester. Níl aon Ghaeilge aici. Bhí Gaeilge ag mo Dhaid ach níor labhair sé in aon chor í. Bhí sé feargach faoin aistriúchán a dhéan siad leis an scríbhneoireacht.

‘Is é mo bharúil go raibh sé ceart mar gheall ar sin.’ 


, Is iar-fhear céile Crystal é agus athair Cam
, Is iar-fhear céile Crystal é agus athair Cam

Is aisteoir mór le rá é Denis, a bhfuil go leor ar stáitse déanta aige chomh maith leis an scáileán. 

Bhuaigh sé an ‘Irish Times Best Actor Award’ faoi dhó mar gheall ar a róil i The Gigli Concert agus Richard III.

Bhí páirt aige sna scannáin Brooklyn, Garage, The Wind That Shakes The Barley, Michael Collins, Alexander, Aisha agus le déanaí sa scannán Cine 4 Báite, a scaoilfear níos déanaí i mbliana.

Bhí Denis ina stiúrthóir ealaíne ar an Ouroboros Theatre Company ar feadh 10 mbliana agus tá sé ina bhall de bhord an Brian Friel Trust. 

Agus ní strainséir é go TG4, tá cláracha faisnéise curtha i láthair aige,  Hollywood in Éirinn ina measc.

Cén fáth ar shocraigh sé dul i mbun aisteoireachta?

‘Mar a dúirt mé rugadh mo mháthair i Manchester,’ a deir sé.

‘Bhí a athair ó chontae Mhaigh Eo agus muintir a máthar as Sligeach agus Ros Comáin; agus d’fhás siad suas le go leor páistí eile Éireannacha den chéad ghlúin.

‘Bhí siad féin agus a dteaghlach ina mball den Chlub Caitliceach áitiúil, club Gaelach a bhí anseo go bunúsach.

‘Bhí mo sheanathair ar dhuine de na baill bhunaidh, ach bhí mo mháthair páirteach chomh maith lena cheathrar deartháir i gceol agus drámaí sa chlub agus d’fhás mé anuas ag féachaint ar ghrianghrafanna an club sin, mo mháthair agus m’uncailí ar an stáitse.

‘Agus ansin nuair a shroich mo mháthair 20 bliain d’aois, nó mar sin, chuaigh sí go Meiriceá. Agus í ann, ghlac sí páirteanna i ndrámaí san amharclann The Little Theatre of Albuquerque in New Mexico.

‘Bhí bean a uncail i gceannas ar an amharclann agus d’fhás mé aníos ag féachaint ar na grianghrafanna sin chomh maith, agus ag éisteacht leis na scéaltaí agus ag léamh na léirmheasanna maithe a fuair sí dá a cuid léirithe. So, bhí suim agam ar an stáitse nó nach raibh a fhios agam gur.’

Ach cad faoi Ian Doherty? An mbeidh sé seo ina ról eile cosúil le Richard III? Déanann Denis gáire faoin gceist agus deir sé: ‘Níl sé  cosúil le Tadhg Ó Direáin, is rógaire mór é sin.

‘Níl mé cinnte fós faoi Ian. Tá sé na laethanta tosaigh fós ach an stair faoi ná, Is iar-fhear céile Crystal é agus athair Cam, agus ceapaim go bhfuil sé mealltach. B’fhéidir muiníneach!

‘Ach i ndáiríre tá sé neamhchinnte faoin aghaidh a thaispeánann sé don domhan. Tagann sé  go Ros na Rún chun tacú lena mhac, ach mothaíonn sé go bhfuil Cam faoi bhrú mór.  Níor scaoileadh Cam ach le déanaí ón bpríosún sna Stáit Aontaithe tar éis triail dúnmharaithe. 

I ndáiríre tá sé neamhchinnte faoin aghaidh a thaispeánann sé don domhan
I ndáiríre tá sé neamhchinnte faoin aghaidh a thaispeánann sé don domhan

‘Agus tá Cam ag déileáil freisin leis andúil a bhí ag a mháthair le déanaí sna drugaí agus is na drugaí sin ba chúis le briseadh suas an pósadh idir iad agus Crystal, so tá go leor fadhbanna le réiteach, agus, níl a fhios agam.’

Is féidir an t-agallamh seo a chloisteáil ar an bpodchraoladh, Blas na Cathrach, ar Soundcloud, Spotify agus Apple iTunes.

Tá agallamh le Laura Heeney ar Bhlas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4FM ar fail freisin ar podchraoladh ar Bhlas na Cathrach ar Soundcloud, Spotify agus Apple iTunes agus ar ExtraG.ie ar líne.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram