Met Éireann: Bí cúramach agus bí ag súil le coinníollacha tiomána deacra

17/02/2025

An Aimsir: Rabhadh stádas buí agus táthar ag súil le tuilte, a deir Met Éireann

Tá Rabhadh Stádas Buí le báisteach eisithe do thrí chontae agus Met Éireann ag tuar tuilte i gceantair áirithe.

Tá an rabhadh do chontaetha Chorcaí, Chiarraí agus Phort Láirge i bhfeidhm ó 9am Dé Luain go dtí 6am Dé Máirt.

Dúirt Met Éireann go bhféadfadh go mbeadh droch-infheictheacht (poor visibility) agus coinníollacha tiomána deacra sna ceantair is measa.

Dúirt siad: ‘Beidh an tseachtain seo chugainn suaite agus doiléir le tréimhsí báisteach, ag éirí níos measa ón Máirt ar aghaidh.’

Beidh báisteach san iardheisceart ag síneadh soir ó thuaidh tríd an oíche, dar le Met Éireann
Beidh báisteach san iardheisceart ag síneadh soir ó thuaidh tríd an oíche, dar le Met Éireann

Ar an Luan beidh an bháisteach san iarthar agus san iardheisceart ag scaipeadh ar fud na tíre, ag iompú go trom in áiteanna a bhféadfadh tuilte a bheith ann, a dúirt Met Éireann.

Idir 8C agus 12C a bheidh na teochtaí is airde ach beidh sé níos fuaire i gCúige Uladh leis na teochtaí is airde idir 5C agus 8C le gaoth measartha agus úr uaireanta ón oirdheisceart.

Dúirt Met Éireann go bhfuiltear ag súil freisin gur tús fliuch a bheidh ann Dé Máirt le ráigeanna báistí i bhformhór na gceantar.

Lá níos séimhe a bheidh ann ar an iomlán, cé go mbeidh na teochtaí is airde idir 9C agus 13C. Beidh sé gaofar freisin le gaotha measartha go húr ón oirdheisceart.

Beidh oíche Dé Máirt scamallach agus tirim den chuid is mó ó thús. Mar sin féin, beidh báisteach san iardheisceart ag síneadh soir ó thuaidh tríd an oíche, dar le Met Éireann.

Glanfaidh an bháisteach de réir a chéile ón iarthar agus ón iardheisceart le roinnt tréimhsí soiléire.

An teocht is ísle de 4C go 9C, is fuaire do Chúige Uladh. Éascóidh gaotha measartha go húr ón oirdheisceart.

Beidh an Chéadaoin scamallach den chuid is mó le roinnt tréimhsí gréine ar maidin, dar le Met Éireann.

Mar sin féin, beidh ráigeanna ceathanna  báistí san iardheisceart go déanach ar maidin, ag síneadh ar fud na tíre tríd an gcuid eile den lá.

Na teochtaí is airde de 11C go 13C i ngaotha measartha agus úr uaireanta ó dheas.

Ar Oíche Chéadaoin beidh báisteach fhairsing throm in áiteanna, dar le Met Éireann.

I dtreo na maidine, beidh seal eile báistí ag brú isteach san iarthar agus san iardheisceart. Ní thitfidh an teocht faoi bhun 7C go 10C.

Foclóir aimsire

Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast

Drochaimsir = Bad weather 

Báisteach = Rain

Ceo = Fog

Ceobhráin = Mist or drizzle

Brádán báistí = Drizzle

Múraíl báistí = Showers of rain

Sneachta = Snow

Flithshneachta = Sleet

Clocha sneachta = Hailstones

Faoi bhun an reophointe = Freezing

Sioc = Frost

Tréimhsí Gréine = Sunny spells

Ráigeannaí báistí = Bursts of rain

An ghaoth aduaidh = The wind from the north

An ghaoth aneas = The wind from the south

An ghaoth aniar = The wind from the west

An ghaoth anoir = The wind from the east

An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest 

An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram