

Tabharfaidh Donald Trump cuireadh go Washington do Mhicheál Martin do Lá Fhéile Pádraig, dar leis an Irish Mail on Sunday.
Tá cur i gcoinne na cuairte ag dul i méid mar gheall ar tacaíocht an Uachtaráin d’ionsaithe Iosrael ar mhuintir na Palaistíne in Gaza; ach tá Rialtas na hÉireann tar éis teacht faoi bhrú ó lucht tacaíochta Iosrael sna Stáit Aontaithe.

Dúirt an SDLP nach mbeidh siad ag freastal ar imeachtaí Lá Fhéile Pádraig i Washington, rud a chur brú ar na príomhpháirtithe Rialtais agus ar Shinn Féin.
Mar sin féin, dúirt duine sinsearach sna Stáit Aontaithe: ‘An plean atá ann ná leanúint ar aghaidh le ceiliúradh bliantúil Lá Fhéile Pádraig.
‘Ba mhaith linn go mbuailfidh an Taoiseach Martin leis an Uachtarán ag an Teach Bán le haghaidh cruinniú déthaobhach (bilateral meeting) agus filleadh níos déanaí do Shearmanas na Seamróige.’
Níl an cuireadh oifigiúil don Taoiseach eisithe go fóill.
Dúirt foinse i riarachán Trump, áfach, nach bhfuil aon chúis ag duine ar bith a chreidiúint nach rachaidh an Uachtarán ar aghaidh le príomhghné eile ar fhéilire polaitiúil na hÉireann-Mheiriceánach, Lón an Chainteoir ar Capitol Hill.
Dúirt an fhoinse freisin, áfach, go ndéanfadh Trump an cinneadh deiridh.
Tá tacaíocht láidir léirithe ag Éireannaigh do mhuintir na Palaistíne le linn ionsaithe Iosrael, agus léirigh ceannairí Rialtais a dtacaíocht le híospartaigh na n-ionsaithe roimhe seo.
Mar sin féin, cosúil le go leor ceannairí polaitiúla, tá an tUachtarán ag tacú go láidir le stát Iosrael.
Bhí fearg idirnáisiúnta an tseachtain seo caite tar éis dó a mholadh go nglacfadh Meiriceá smacht díreach ar Gaza agus go n-iompódh sé Gaza ina ionad saoire cois farraige.
Tá sé ráite ag an Uachtarán Trump gur cheart Palaistínigh a bhogadh as a dtithe in Gaza, agus isteach san Iordáin agus an Éigipt, áit nach bhfuil siad ag teastáil, ionas gur féidir an ceantar a iompú ina mecca do thurasóirí mar Riviera sa Mheánoirthear.
Tá sé ráite aige freisin gur cheart go dtiocfadh deireadh leis an sos cogaidh, a tharla tar éis beagnach 50,000 fear, bean agus leanbh a mharú in ionsaithe Iosraelach, mura scaoiltear saor gach gialla Iosraelach Dé Sathairn.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin áfach má thugann an tUachtarán Trump cuireadh go Washington dó ar Lá Fhéile Pádraig go rachaidh sé anonn.
Dúirt an SDLP – páirtí John Hume, a ghlac sheasamh prionsabáltaar son na síochána agus a fuair go leor tacaíochta mar gheall ar sin i Meiriceá – nach féidir leo tacaíocht a thabhairt do pholasaithe rialtas Donald Trump i leith mhuintir na Palaistíne in Gaza.

Dúirt ceannaire an SDLP, Claire Hanna: ‘Anuraidh, rinne an SDLP cinneadh gan éinne a chur go Washington do Lá Fhéile Pádraig mar ní raibh muid in ann tacaíocht a thabhairt do rialtas SAM agus iad ag tacú le buamáil Gaza.
‘Tá súil againn go dtabharfaidh an sos cogaidh leochaileach síocháin bhuan agus go dtiocfaidh gialla ar ais dá dteaghlaigh, ach tá reitric Donald Trump, maidir le díláithriú agus glanadh eitneach na milliún duine, go hiomlán thar a bheith contúireach.
‘Ní féidir linn, le coinsiasa maith, freastal ar cóisirí arna óstáil sa chomhthéacs sin.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.