
Tá tús láidir curtha ag céad feachtas Caelan Doris sa Sé Náisiún mar chaptaen, le pointí bónais as a mbua in aghaidh Shasana agus Albain.
Ní hé rath ar an bpáirc rugbaí an t-aon tallann atá aige, áfach. Tá tuiscint aige freisin ar conas airgead a thuilleamh mar fhear gnó.
Mar shampla, in éineacht le Brian O’Driscoll agus Jordan Larmour, bhí sé i measc na n-infheisteoirí ard-phróifíle a chuir €3.2 milliún ar fáil do Grinds 360 mar mhaoiniú an samhradh seo caite.
Bhunaigh an múinteoir meánscoile Ronan Murdock agus an fiontraí Brendan Kavanagh an t-ardán foghlama hibrideach a fhaigheann cúnamh ó AI, a thairgeann teagasc sa bhreis (grinds) ó mhúinteoirí i 19 n-ábhar.

Mar sin bhí ag éirí go maith leis i gcúrsaí gnó cheana féin agus anois agus Éire ina suí ag barr an tábla sna Sé Náisiún, tar éis dhá bhabhta, is féidir a bheith ag súil go mbeidh dul chun cinn aige.
Tháinig Doris, atá mar Uimhir a hOcht do Chúige Laighean, in áit Peter O’Mahony mar chaptaen buan i mí Dheireadh Fómhair, agus in ainneoin caillteanas 23-13 don Nua-Shéalainn ina chéad chluiche, léirigh sé go tapa gur ceannaire láidir é.
Bhí baint mhór aige le bua Dé Domhnaigh ar Albain i Murrayfield, ag scóráil an dara húd (try) i mbua éasca na hÉireann 32-18.
Is as Béal an Átha (Ballina), Co Mhaigh Eo dó, agus tá sé aitheanta cheana féin mar cheann de na himreoirí Éireannacha is tarraingtí d’urraitheoirí (sponsors).
Tar éis imirt na foirne le cúpla seachtain anuas is dócha go dtiocfaidh méadú air sin.
Go deimhin, tá baint aige cheana féin le roinnt cuideachtaí, tar éis dó a bheith ainmnithe mar ambasadóir branda ag Aer Lingus, Lucozade Sport, agus an Ohk Energy Group.
Tá baint aige freisin le Childline.
Ó thaobh a leasanna gnó féin de, chomhbhunaigh sé an líne éadaí EXCD Clothing lena chomhghleacaí ar fhoireann Faoi-20 na hÉireann, Conor Dean, i 2022.
Bhunaigh sé an comhlacht caidrimh phoiblí Dorlan Media Ltd mí an Mheithimh seo caite freisin, agus a mháthair Rachel Sweetman-Doris ag feidhmiú mar rúnaí.
Tá an comhlacht cláraithe le teach an teaghlaigh Doris i mBéal an Átha, agus is é an t-aon stiúrthóir leis.
Chuaigh Doris, atá 26 bliain d’aois, go Coláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath agus ansin go UCD, áit a ndearna sé staidéar ar an tSíceolaíocht, agus é ag traenáil le hAcadamh Laighean, agus tugadh ardú céime dó go scuad sinsearach Laighean i 2018.
D’imir sé 14 huaire d’fhoireann Faoi-20 na hÉireann agus d’imir sé d’Éirinn 48 uair, ó rinne sé a chéad chluiche i 2022, ag scóráil ocht gcinn d’úid.
Tá ceithre chluiche Pro-14 buaite ag Doris le Cúige Laighean, cé go bhfuil imní léirithe aige nár imir sé ach i gceann amháin de na cluichí sin, in aghaidh Uladh taobh thiar de dhoirse dúnta i mí Mheán Fómhair 2020. Ní raibh sé sa chluiche ceannais 2021 de bharr comhtholgadh (concussion).
Tá dhá chraobh na Sé Náisiún aige le hÉirinn chomh maith, lena n-áirítear an Grand Slam 2023, agus tá sé ainmnithe i bhfoireann na bliana do Chorn an Domhain le dhá bhliain anuas.
Go déanach i 2023, shínigh Doris conradh trí bliana leis an IRFU a choinneoidh dathanna Laighean agus na hÉireann air go dtí deireadh shéasúr 2026-27.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.