

Tá aistear nua tosaithe ag Graham Norton agus beidh sé le feiceáil ar an teilifís go luath le clár réaltachta a chur i láthair.
Tá an Corcaíoch Norton ag tógáil sosa óna chlár cainte faoi láthair ach beidh sé ag glacadh páirte sa tsraith The Neighbourhood ar ITV idir an dá linn.
Táthar ag súil leis go mbeidh an clár nua le feiceáil am éigean i 2026 agus go mbeidh an-tóir air.

Tá sé geallta go mbeidh ‘dúshláin uafásacha’ in éindí le ‘duais den chéad scoth’ le feiceáil air agus cuirfear tús le léiriúchán an chláir i mbliana.
Beidh ar theaghlaigh ón bhfíorshaol réiteach le chéile mar comharsain agus beidh orthu bogadh isteach go sráid nua agus béilí a roinnt lena chéile.
Ach ní mar a shíltear a bhítear! Beidh ar na rannpháirtithe in ann vóta a chaitheamh le bata agus bóthar a thabhairt do rannpháirtithe eile.
Mar sin beidh orthu a bheith an-mhór le muintir na sráide má tá seans ar bith le bheith acu an duais mhór a bhuachan.
Ag labhairt dó faoin gclár, dúirt Graham: ‘Cosúil le gach duine, bímse fiosrach faoin méid a tharlaíonn nuair a dhúntar na doirse. Nuair a chuirtear dúshláin uafásacha agus duais mhór leis, táimse gafa.’
Nuair a tháinig sé chun cinn go raibh an clár seo á déanamh, scaoil Norton le rún faoina bhainis.
Phós Graham a fhear chéile Jono McLeod in Iarthar Chorcaí i 2022 ach níl mórán eolais le fáil faoi.
Bhí an láithreoir teilifíse ag magadh faoi agus dúirt sé go raibh ‘ráflaí fiáine’ ag dul thart maidir leis.

De bharr a jab, bhí lucht leanúna Norton den tuairim go mbeadh Adele agus Elton John i láthair dá bhainis i gCorcaigh.
Ach ag labhairt dó leis an iris Woman’s Weekly, dúirt Graham: ‘Tuigeann tú ráflaí. Bímse ag caint le celebrities de bharr mo shlí bheatha ach níl fíor-aithne agam orthu i ndáiríre. Dúirt daoine go bhfaca siad Lady Gaga in Aerfort Chorcaí is go bhfaca siad Elton John i dteach tábhairne áitiúil.’
De réir dealraimh, bhí 120 aoi i láthair do bhainis Norton agus Jono. Tá ráflaí ann go raibh Lulu ag seinm agus go raibh ról an DJ á ghlacadh ag Panti Bliss.
I ndiaidh an tsearmanais phríobháideach, dúirt Norton: ‘Phós mé i mbliana agus bhí cóisir againn gar don áit a bhfuil cónaí ar mo mháthair le go mbeadh sí in ann a bheith i láthair.
‘Ní raibh a sláinte mhaith go leor le teacht go Londain mar sin bhí sé againn in Iarthar Chorcaí agus bhí mé sona sásta leis an gcinneadh sin.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.