Bialann Michelin ar Lá Fhéile Vailintín: Grá buan le béile blasta ar chostas deas

12/02/2025

Réalta Michelin: Na bialanna is saoire in Éireann a bhfuil an gradam buaite acu – níl ach costas €50 ar cheann amháin.

Bhí bialanna a bhfuil réalta Michelin buaite acu go mór le feiceáil sa nuacht le seachtain anuas théis a fógraíodh na buaiteoirí is déanaí – ach an gá an carr a dhíoladh le costas an dinnéara a íocadh?

Mar sin, táimid in ExtraG théis liosta a cur le chéile leis na bialanna is saoire a bhfuil réalt Michelin acub, agus seans go gcuirfidh cuid de na praghsanna iontas ort.

Tá scoth an bhia le fáil timpeall na hÉireann, ó Iarthar Chorcaí go Baile Átha Claith, agus tá trí bhialanna théis a gcéad réalt a fháil.

Ní féidir a rá go bhfuil na bialanna comh saor sin. Áfach, tá neart biachláir ar fáil ar phraghas cuíosach réasúnta, go mór mór ag tús na hoíche – agus níl ach costas €50 an duine ar cheann amháin acu!

Seo thíos liosta de na bialanna le réalt Michelin inar féidir béile a fháil ar phraghas réasúnta:

Campagne, an bhialann is saoire in Éirinn a bhfuil réalt Michelin bainte amach aici
Campagne, an bhialann is saoire in Éirinn a bhfuil réalt Michelin bainte amach aici

1. Campagne

Lonnaithe i gCill Chainnigh, is í seo an bhialann is saoire in Éirinn a bhfuil réalt Michelin bainte amach aici.

Tá costas €80 euro an duine ar an mbiachlár trí chúrsa i gCampagne, ach tá fáil ar an mbiachlár tús oíche le haghaidh €50 an duine.

Is féidir an biachlár tús oíche a chur in áirithe idir 5.30in go 6.45in Dé Céadaoin agus Déardaoin. Tá sé ar fáil Dé hAoine agus Dé Sathairn comh maith idir 5in agus 5.30in – mar sin beidh ort a bheith ann go luath!


Chestnut
Chestnut

2. Chestnut

Tá Chestnut lonnaithe in Iarthar Chorcaí agus cuireann sé biachlár gearr ceithre chúrsa ar fáil gach oíche ó 6in ó Mhí Feabhra go Mí Aibreán – ar chostas €75 an duine. Más maith leat níos mó a chaitheamh is féidir biachlár speisialta le níos mó cúrsaí a fháil ar chostas €120 an duine.

The Morrison Room i gCarton House
The Morrison Room i gCarton House

3. Morrison Room i gCarton House

Ceapadh Adam Nevin mar phríomh-chef an Morrison Room i 2023 nuair a tháinig sé abhaile ó Londain, agus bhain sé amach an céad réalt Michelin don óstán i mbliana.

Tá costas €110 ar bhiachlár socraithe agus caithfear €75 eile a íocadh más maith leat fíon a bheith agat in éindí leis.

Bíonn cúig chúrsa ar fáil comh maith le canapés agus petit fours.

Ach más maith leat an t-airgead a chaitheamh go rábach, is féidir an biachlár speisialta a roghnú ar phraghas €140 an duine agus €95 le haghaidh fíon.

 Variety Jones
Variety Jones

4. Variety Jones

Cuireann Variety Jones sna Liberties i mBÁC 8 biachlár sé chúrsa ar fáil ar chostas €95 an duine. Is féidir béilte cosúil le tikka masala le bas mara (sea bass) nó lacha rósta a fháil.

Bastible
Bastible

5. Bastible

Cuireann Bastible i mBÁC 8 biachlár 9 gcúrsa ar fáil ar chostas €105 an duine le costas €80 sa bhreis le haghaidh fíon. Bíonn bia mara den chéad scoth ar fáil anseo.

Ballyfin Demesne
Ballyfin Demesne

6. Ballyfin Demesne

D’éirigh le Ballyfin Demesne i gContae Laoise réalt a bhuachan i mbliana agus moladh an chef Richard Picard-Edwards go mór as a chuid bia. Cuireann an t-óstán biachlár 8 gcúrsa ar fáil ar chostas €145.

Lignum
Lignum

7. Lignum

Gar do Loch Riach i gContae na Gaillimhe, d’éirigh le Lignum réalt a bhaint amach. Is féidir biachlár 10 gcúrsa a fháil anseo ar phraghas €145.

Bíonn biachlár socraithe 5 chúrsa ar fáil Dé Domhnaigh freisin idir 4in agus 6in ar phraghas €70 an duine. Comh maith, bíonn lón cúig chúrsa ar fáil Dé Sathairn ar phraghas €70 agus lón ceithre chúrsa ar fáil Dé Domhnaigh ar phraghas €55 an duine.

Homestead Cottage
Homestead Cottage

8. Homestead Cottage

D’éirigh le Homestead Cottage i gContae an Chláir a chéad réalt Michelin a bhaint amach i 2024 agus cuireann sé biachlár socraithe €125 ar fáil idir Déardaoin agus Dé Domhnaigh. Is féidir lón trí chúrsa a fháil freisin ar phraghas €85 an duine.

D’Olier Street
D’Olier Street

9. D’Olier Street

Lonnaithe i lár Bhaile Átha Cliath, d’oscail D’Olier Street  Mí na Nollag 2022 agus bhain sé amach a chéad réalt Michelin Mí Feabhra 2024.

Tá biachlár 13 cúrsa ar fáil le fáil le haghaidh lón nó dinnéar ar phraghas €128 an duine. Tagann athrú ar an mbiachlár i ndiadh ocht seachtaine.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram