

Dúirt an SDLP nach mbeidh siad ag freastal ar imeachtaí Lá Fhéile Pádraig i Washington, rud a chur brú ar na príomhpháirtithe Rialtais agus ar Shinn Féin.
Dúirt an SDLP – páirtí John Hume, a ghlac sheasamh prionsabálta ar son na síochána agus a fuair go leor tacaíochta mar gheall ar sin i Meiriceá – nach féidir leo tacaíocht a thabhairt do pholasaithe rialtas Donald Trump i leith mhuintir na Palaistíne in Gaza.
Tá sé ráite ag an Uachtarán Trump gur cheart Palaistínigh a bhogadh as a dtithe in Gaza, agus isteach san Iordáin agus an Éigipt, áit nach bhfuil siad ag teastáil, ionas gur féidir an ceantar a iompú ina mecca do thurasóirí mar Riviera sa Mheánoirthear.

Tá sé ráite aige freisin gur cheart go dtiocfadh deireadh leis an sos cogaidh, a tharla tar éis beagnach 50,000 fear, bean agus leanbh a mharú in ionsaithe Iosraelach, mura scaoiltear saor gach gialla Iosraelach Dé Sathairn.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin áfach má thugann an tUachtarán Trump cuireadh go Washington dó ar Lá Fhéile Pádraig go rachaidh sé anonn.
Dúirt sé gur ‘traidisiún é a bhfuil an-mheas againn air’, sé sin babhla seamróige a thabhairt d’Uachtarán Mheiriceá ar Lá Fhéile Pádraig.
Níl sé ráite ag Príomh-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill, ó Shinn Féin, an rachaidh sí go Washington do Lá Fhéile Pádraig má thugtar cuireadh di.
Níl sé tugtha le fios fós aici féin ná ag an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly, ón DUP, an mbeidh siad ag freastal ar imeachtaí Lá Fhéile Pádraig i SAM i mbliana.
Agus í ag caint an mhí seo caite, dúirt Ó Néill: ‘Ní bhfuaireamar cuireadh fós, ach tugaimid breith air sin nuair a bheidh sé ann.’

Dúirt ceannaire an SDLP, Claire Hanna: ‘Anuraidh, rinne an SDLP cinneadh gan éinne a chur go Washington do Lá Fhéile Pádraig mar ní raibh muid in ann tacaíocht a thabhairt do rialtas SAM agus iad ag tacú le buamáil Gaza.
‘Tá súil againn go dtabharfaidh an sos cogaidh leochaileach síocháin bhuan agus go dtiocfaidh gialla ar ais dá dteaghlaigh, ach tá reitric Donald Trump, maidir le díláithriú agus glanadh eitneach na milliún duine, go hiomlán thar a bheith contúireach.
‘Ní féidir linn, le coinsiasa maith, freastal ar cóisirí arna óstáil sa chomhthéacs sin.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.